Baby, Baby
Amhrán Grá do Chathair Ghránna
05.11.2006
Não sei, comigo vai tudo azul
Contigo vai tudo em paz
Vivemos na melhor cidade
Da América do Sul
Da América do Sul
Você precisa
Você precisa
Não sei
Leia na minha camisa
Baby baby
I love you
Níl a fhios agam, tá chuile shórt go breá liomsa
Tá chuile shórt go réidh leatsa
Tá muid inár gcónaí sa chathair is mó
I Meiriceá Theas
I Meiriceá Theas
'Séard a theastaíonn uaitse
'Séard a theastaíonn uaitse
Níl a fhios agam
Léigh ar mo T-léine é
Baby baby
I love you
Is mar sin a chríochnaíonn 'Baby', ceann de na hamhráin Brasaíleacha is fearr dár cumadh riamh. An t-amhránaí Caetano Veloso a chum an ceol agus na focail, ach ba iad an grúpa siceadéalach Os Mutantes a bhain barr na gcairteanna amach leis.
Amhrán grá atá in 'Baby' - agus amhrán grá atá ann, ar bhealach, do São Paulo, áit a raibh cónaí ar Caetano Veloso nuair a scríobh sé an t-amhrán. Is é São Paulo an chathair is mó i Meiriceá Theas, an tríú cathair is mó ar domhan, agus, gan dabht ar bith, ceann de na cathracha is gránna ar domhan.
Ach, cosúil le Caetano, thit mise i ngrá leis an gcathair craiceáilte, coincréide seo nuair a chuir mé cos ann don chéad uair. Thit mé i ngrá leis an mearbhall mór, an tranglam tráchta, an dufar daoine, le splancadh na soilse ar bharr na gcrann cumarsáide atá ar bharr na bhfoirgneamh spéire ar dhá thaobh an Avenida Paulista. Thit mé i ngrá leis an toirneach agus an bhaisteach gan choinne a dhéanann srutháin as na sráideanna. Thit mé i ngrá leis an radharc scáfar ón bhfoirgneamh is airde i Meiriceá Theas, an Edificio Itália - radharc ar chathair nach bhfuil a deireadh le feiceáil, ar thaobh ar bith. Cathair ghránna í, ach cathair cheart í. Mar a dúirt Marlene Dietrich: "Rio is a beauty. But São Paulo, São Paulo is a city." Níl mé ag dul ag argóint leí.
Sa chathair seo atá mé ag cur tús le mo chamchuairt 10 seachtainí ar an mBrasaíl. Níl ach tuairim fhánach agam cá dtabharfaidh m'aistear mé, ach beidh cur síos sna leathanaigh seo ar a bhfuil le feiceáil le taobh an bhóthair. Chomh maith leis sin, beidh tuairiscí ón mBrasaíl ar Na Ceithre hAirde in Foinse chuile Shatharn.
Abraços,
Alex.







