A Travellerspoint blog

Ag Surfáil ar an Tolg

VILA VELHA, ESPIRITO SANTO

overcast 32 °C

Is breá liom rialacha a bhriseadh. An cuimhin leat an ceann seo: "Ná gabh abhaile le stráinséirí!"? An ceann sin ach go háirithe.

A bhuíochas leis an suíomh iontach www.couchsurfing.com tá duine in ann teacht ar leaba (nó tolg) saor in aisce don oíche ar fud an domhain. Ach tá i bhfad níos mó ar fáil ná tolg saor in aisce: eolas áitiúil, comhrá spreagúil, agus cairde nua.

DSCF0773.JPG

Pédro, a bhfuil tolg ar dóigh aige in Vila Velha má bhíonn ceann ag teastáil uait.

Arú aréir agus an oíche roimhe, d'fhan mé ar tholg Pédro Felipe Alves Malta Costa in Vila Velha, in Espirito Santo (agus bhí a tholg chomh fada lena ainm.)
Ar ndóigh, tá sé nádúrtha go mbeadh rud beag faitís ar dhuine riail uimhir a haon a mhúin do mháthair duit "Ná gabh abhaile le stráinséirí!" a bhriseadh. Agus riail uimhir a dó chomh maith ar ndóigh: "Ná scaoil isteach stráinséar i do theach!" Dá bharr sin, bíonn cupán caifé agat leis an duine a aimsíonn tú ar an suíomh ar dtús.
Tháinig Pédro go dtí an t-ostán ina raibh mé ag fanacht le beirt chara leis, agus dhá nóiméad níos déanaí bhí muid ar ár mbealach go cleachtadh scoil samba ar an taobh eile de Vila Velha, agus bhí cara nua agam.

An aidhm atá ag bunaitheoirí www.couchsurfing.com ná ballaí a bhriseadh síos - ballaí idir tíortha, idir daoine. Ballaí de chlocha faitís agus de mhórtar eagla. Ó bunaíodh an suíomh trí bliana ó shin, tá os cionn 130,000 duine ar fud an domhain tar éis clárú leis, agus maíonn an suíomh gur cruthaíodh 44,000 cairdis nua eatarthu: daoine a chuir aithne a chéile tríd an suíomh agus a shurfáil ar tholg a chéile.

An bhfuil sé seo sábháilte? Cosúil le chuile shórt eile, téim i múinín na mothúchán i mo bholg nuair atá mé ag surfáil ar tholg. Shurfáil mé dhá tholg go dtí seo, tolg Gonçalo Pires i Santos agus tolg Pédro i Vila Velha. I São Paulo, bhí lá iontach agam ag ól caifé, ag ithe uachtar reoite agus ag breathnú ar ealaín chomhaimseartha le Cintia, duine de chomhbhunaitheoirí www.couchsurfing.com, a raibh uirthi bogadh isteach lena máthair arís agus nach raibh a tolg ar fáil dá bharr. Bhí na laethanta a chaith mé leis an triúr acu ar na laethanta is fearr go fóill de m'aistear sa Bhrasaíl, toisc go raibh mé i gcuideachta dhaoine áitiúla, ag déanamh rudaí a dhéanann muintir na háite, agus tuiscint i bhfad níos fearr á fháil agam ar an tír chraiceáilte seo ná mar a gheobhfainn dá leanfainn cosán na dturasóirí.

Só, an BHFUIL sé sábháilte? An féidir leat muinín a bheith agat as stráinséar? D'fhág Gonçalo eochair agam dá árasán i Santos fad is a d'fhan seisean ag teach a chailínchara nua (a bhfuil sé briste suas leí ó shin) ar an taobh eile den chathair. Tá nós ag Pédro doras a árasáin a fhágáil oscailte ar feadh na hoíche. I ndiaidh na cuairte ar an scoil samba rinne muid cáca seacláide i lár na hoíche agus mhalartaigh muid scéalta, eachtraí, agus dearcaí saoil. An bhfuil muinín agam as na daoine seo? Leoga, cairde don saol is ea iad. Tá leithéid www.couchsurfing.com sa domhan scanraithe seo ina gceapann chuile dhuine gur sceimhlitheoir nó robálaí atá i chuile stráinséar. Anois, agus an píosa seo léite agat, cláraigh ar www.couchsurfing.com agus tosaigh ag surfáil ar thoilg thú féin!

Posted by Alex-H 04:17 Archived in Brazil Tagged tips_and_tricks

Email this entryFacebookStumbleUpon

Table of contents

Comments

Maith thu, Alex! Leigh me d'alt i bhFoinse agus tu i mBelo Horizonte agus os rud e go bhfuil me i mo "thaistealai chathaoir uilleann" le fada, bhain me sult as an meid a scriobh tu faoin tir mor sin...go hairithe toisc go bhfuil me ag foghlamh an Portaingeilise san oifig (is sean-statsheirbhiseach mise, aistritheoir sa Roinn Stait i Washington). Bhainim me pleisiur, "go hionadach" as eachtrai daoine oga mar tusa a leamh. Go raibh maith agat! Nuair a bheidh tu ar ais i nEirinn, b'fheidir go bhfeicimid thu ar nuacht TG4 arist? Lean ort, an-jab i gconai! Le meas mor, JF

by Seamaisin

nach bhfuil an blog seo go hiontach! taim ag deanamh an ardteist an bhliain seo agus ta aiseanna mar seo an-usaideach! go raibh maith agat Alex!

by croiban

Go raibh maith agaibh, agus go raibh maith agat chuile dhuine eile atá ag cur spéis i mo chuid eachtraí anseo. Is iontach an áis é domsa an blog seo le teagmháil de chineál éigin a choinneáil leis an mbaile!

by Alex-H

This blog requires you to be a logged in member of Travellerspoint to place comments.

Enter your Travellerspoint login details below

( What's this? )

If you aren't a member of Travellerspoint yet, you can join for free.

Join Travellerspoint