A Travellerspoint blog

An Méad A Tharla Go Dtí Seo

EOLAS ÚSÁIDEACH DÓIBH SIÚD NACH BHFUIL AG LÉAMH AN BHLOG SEO ÓN TÚS

sunny 29 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Tá sé in am agam 'Go raibh maith agat' a rá leis na daoine ar fad atá ag léamh an bhlog seo: chomh fada is atá mé in ann a dhéanamh amach, tá thart ar 200 duine ag breathnú ar an mblog seo chuile sheachtain. Agus is iontach liom go bhfuil daoine atá ag réiteach don Ardteist ag baint úsáide as an mblog seo mar áis (féach an teachtaireacht ag bun an ailt Ag Surfáil Ar An Tolg)

Más rud é nach bhfuil tú ach i ndiaidh teacht ar an mblog seo le gairid, seo an méad a tharla go dtí seo:

Is féidir leat an léarscáil seo a mhéadú agus a bhogadh leis an uirlis atá sa chúinne (sa tSibéir)

Níl ach trí seachtaine go leith caite ó thosaigh mé m'aistear tríd an mBrasaíl, ach mothaíonn sé ar nós go bhfuil bliain caite. Má theastaíonn uait fáil amach cén fáth sa diabhal a bhfuil Léigh Ar Mo T-Léine É mar theideal ar an mblog seo, léigh an chéad alt, Baby, Baby (gheobhaidh tú sa chartlann é faoi Archives ar dheis.) Má cheapann tú go bhfuil mo chuid tuairiscí as an mBrasaíl ró-dhearfach, léigh 1 Pictiúr = 1,000 Focal (an t-alt is mó a léigh daoine ar an mblog seo, os cionn 600 duine.) Má theastaíonn uait fáil amach cén chaoi a bhfuil mé ag cur aithne ar mhuintir na háite, léigh Ag Surfáil Ar An Tolg.

DSCF0767.JPG
An maith leat an dath atá orn?

Beidh mé ar an mbóthar go dtí deireadh Mhí Eanáir, agus déanfaidh mé iarracht an blog seo a choinneáil suas chun dáta ar a laghad dhá uair sa tseachtain. Uaireanta bíonn sé níos éasca teacht ar an idirlíon ná uaireanta eile!

Má theastaíonn uait teachtaireacht a fhágáil dom, is féidir sin a dhéanamh ach brú ar an nasc comments ag bun gach ailt. Caithfidh tú leasainm a chlárú le travellerspoint.com, ach tá sé saor in aisce agus is suíomh úsáideach é.

Abraços!
Alex

Posted by Alex-H 13:56 Archived in Brazil Tagged postcards

Email this entryFacebookStumbleUpon

Table of contents

Comments

Ag baint taitneamh as do bhlag ó thús. Ní raibh fonn orm clarú le suiomh eile, nó bheadh tcht fágtha cheana agam.

Ag cheapfainn go bhfuil daoine eile amuigh ansan ar aon tuairim liom!

Go néirí d'aistear leat.

Aonghus

by aonghusoh

LOL. Alex, Feiceann an griangraf sin go bhfuil tu os comhair scailean glas no mar sin (cosuil leis na scannain CG no grafaic riomhaire is docha)!! ta se chomh foirfe sin. nil tu ach sa Gaillimh, na bi ag insint breige agus na bi ag cur guthai mar sin!

by croiban

An scáileán gorm atá agam ná an spéir - ní bhíonn scamaill ar bith ann!

by Alex-H

This blog requires you to be a logged in member of Travellerspoint to place comments.

Enter your Travellerspoint login details below

( What's this? )

If you aren't a member of Travellerspoint yet, you can join for free.

Join Travellerspoint