A Travellerspoint blog

Dá mBeadh

FORTE ORANGE, PERNAMBUCO

overcast 29 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Dá mbeadh an domhan ina chlár cothrom, cén chaoi a mbeadh an saol?

Ceist den chineál céanna atá mé chun a chíoradh sa phíosa seo a leanas: iriseoireacht sa mhódh coinníollach más maith leat, ach ceist í nach féidir liom a sheachaint sa chuid seo den Bhrasaíl.

DSCF0931.JPG
Forte Orange, tógtha ag na hOllainnigh i 1631.

Sa Bhrasaíl, má deirim go bhfuil mé i mo chónaí in Éirinn, cuirtear ceisteanna orm ar nós "Oh, agus cén chaoi a bhfuil ag éirí libh i ndiaidh an tsunami?" (Tharla sé sin faoi dhó cheana.) Ach má deirim gur as an Ollainn mé, tá a fhios ag chuile dhuine cén tír faoina bhfuilim ag caint - toisc go mba bheag nach cóilíneacht Ollainneach a bhí sa Bhrasaíl, agus ní ceann Portaingéileach. Agus aisteach go leor, táthar ann sa Bhrasaíl a cheapann gur mór an trua nárbh amhlaidh a tharla.

Sa bhliain 1624 (ar éigean go raibh an Bhrasaíl 100 bliain d'aois) ghabh na hOllainnigh Salvador. Shaoraigh siad na sclábhaithe gorma agus chuir siad saoirse chreidimh i bhfeidhm. Tháinig borradh faoi eacnamaíocht na cathrach, ach bliain níos déanaí, ghabh na Portaingéiligh ar ais é le cúnamh ó na Spáinnigh. D'éirigh níos fearr le hiarracht Ollainneach eile i 1631, nuair a ghabh siad Recife agus ceantar Pernambuco ar fad. D'fhan siad i gcumhacht go dtí 1654, agus le linn an 23 bliana sin chruthaigh siad leagan eile don Bhrasaíl - leagan nár lean, ar ndóigh.

DSCF0892.JPG
An chéad Sineagóg (teampall Giúdach) i Mór-Roinn Mheiriceá, Thuaidh nó Theas, a bunaíodh i Recife (nó Mauritsstad) faoi réimeas na nÍsiltíreach, nuair a bhí saoirse chreidimh ann.

San Ísiltír, tá dearmad déanta ar stair na nOllainneach sa Bhrasaíl (is cuimhin liom cloisteáil faoi sa rang staire ar scoil agus iontas mór a bheith orm.) Sa Bhrasaíl, níl dearmad déanta. A mhalairt, tá an iriseoireacht sa mhódh coinníollach ina thionscal beag anseo agus intelligentsia na tíre ag cur na ceiste: dá mba rud é gur mar chóilíneacht Ísiltíreach a thosódh an Bhrasaíl, an mbeadh ag éirí níos fearr leis an tír anois?

Le linn mo thurais sa Bhrasaíl, tá mé ag léamh an leabhair "Van Dorth" leis an scríbhneoir Brazaíleach Aydano Roriz, leabhar atá bunaithe ar ghabháil Salvador ag na hOllainnigh i 1624 agus na hathruithe a chuir siad i bhfeidhm. An dara leabhar as sraith faoi eachtraí na nOllainneach ag an scríbhneoir seo. Tá leabhar eile díreach foilsithe dar teideal "Outros Brasis" ("Leaganacha Eile den Bhrasaíl") ina scrúdaítear céard a bheadh tarlaithe dá n-éireodh leis na hOllainnigh. Chomh maith leis sin, tá telenovela (sobaldhráma) stairiúil á thaifeadadh i bPernambuco i láthair na huaire faoi stair na nOllainneach ann. Ní féidir liom an cheist a sheachtaint, mar sin.

Tá argóint leithéidí Aydano Roriz go mbeadh sochaí níos cothroime sa Bhrasaíl, gan an deighilt mhór mhillteanach idir saibhir agus daibhir atá ann anois, dá mba rud é gur éirigh leis an iarracht Ollainneach, bunaithe ar chúpla rud. Sa chéad dul síos, an tsaoirse chreidimh agus pearsanta a chuir na hOllainnigh i bhfeidhm sa Bhrasaíl. Nuair a bhí Giúdach á ndó sa Phortaingéil, mar shampla, bhí fáilte is fiche rompu san Ísiltír agus sa Bhrasaíl Ollainneach. Le linn réimeas na nOllainneach sa Bhrasaíl a tógadh an chéad Sineagóg ar mhór-roinn Mheiriceá (thuaidh nó theas.) Chomh maith leis sin, shaoraigh na hÍsiltírigh na sclábhaithe agus shocraigh siad go raibh anam ag daoine gorma chomh maith (rud nach raibh na Portaingéiligh sásta a admháil.) Aisteach, toisc go raibh na hOllainnigh fós ag trádáil sclábhaithe in áiteanna eile ar domhan ag an am céanna. Chomh maith leis sin, chothaigh an WIC (West-Indische Compagnie), an comhlacht a bhí i gceannas ar an gcóilíneacht, an eacnamaíocht áitiúil ar bhealach nach ndearna na Portaingéiligh.

DSCF0890.JPG
Droichead an Phrionsa Maurits i Recife, cathair arbh ainm di Mauritsstad ar feadh 23 bliana. An chéad mhórdhroichead sa Bhrasaíl (seo leagan nua de.)

Cinnte, ag siúl shráideanna Recife, cathair a chaith 23 bliana faoi réimeas na nOllainneach, is léir don dall go bhfuil oidhreacht dhifriúil ag an gcathair le hais, abair, Rio de Janeiro. Is léir ó leagan amach na sráideanna, na ndroichead agus na canálacha (!) gur Ollainnigh a bhunaigh í. Mar a tharlaíonn sé, sa lá atá inniu ann, tá cosúlacht aisteach idir Recife agus Rotterdam, lena meascán de sheanfhoirgnimh agus foirgnimh nua atá ag tochas na spéire.

Ach an féidir a rá go mbeadh an Bhrasaíl níos fearr as dá n-éireodh leis an iarracht Ollainneach? Ní cheapaim é. Sa chéad dul síos, ní bheadh Brasaíl amháin ann, ach péire: ní raihh suim ag na hIsiltírigh riamh ach sa chósta thoir-thuaidh. Bheadh deisceart na Brasaíle ina cóilíneacht Phortaingéileach i gcónaí. Agus maidir leis an tsochaí cothrom sin a cheapann na Brasaíligh a ´bhíonn ag brionglóidí faoi leagan Ollainneach dá dtír... tá siad dall ar phíosa fianaise béal dorais, an tSuireanám (nó Suriname), tír bheag ó thuaidh den Bhrasaíl a bhain neamhspleáchas amach ón Ísiltír i 1975 agus nach bhfuil ag éirí go hiontach leí ó shin (tá leath an daonra ina chónaí san Ísiltír anois.) Níos measa fós, céard faoin Afraic Theas, a thosaigh mar chóilíneacht Ollainneach agus a chruthaigh Apartheid, an córas cinedheighilte is géire riamh? Le bheith fírinneach, ní fiú an trioblóid é an iriseoireacht seo sa mhódh coinníollach, toisc nach bhfuil na freagraí ag aon duine.

Tháinig deireadh leis an iarracht cóilíneacht Ollainneach a bhunú in oirthuaisceart na Brasaíle i 1654 nuair a chuir na Portaingéiligh an ruaig ar na hÍsiltírigh. Chiallaigh sé sin go raibh géarleanúint i ndán do phobal Giúdach Recife in athuair. Díreach in am, tháinig dhá long seoil chun iad a shábháil. Tugadh ar ais go Amsterdam cuid de na Giúdaigh, chuaigh an long eile go Nieuw Amsterdam (mar a bhí ar Nua Eabhrac ag an am sin) áit arbh iad Giúdaigh Recife na chéad Ghiúdaigh a chuir cos ar thalamh i Meiriceá Thuaidh. I 1689, mhalartaigh an Ísiltír Nua Eabhrac don tSuireanám (Suriname) leis na Sasanaigh, ar chúis nach bhfuil soiléir. B'fhéidir gurb é an chiall a bhí leis ag an am ná tabhairt faoi chóilíneacht nua ar chósta thoir agus thuaidh Mheiriceá Theas ón áit sin. Más ea, níor tháinig mórán as!

Posted by Alex-H 14:53 Archived in Brazil Tagged postcards

Email this entryFacebookStumbleUpon

Table of contents

Comments

ach is lón smaointe é, agus tairbhe dá réir ann.

by aonghusoh

Hi Alex,
Bliain Nua Mhait dhuit! Tá mé ag coinneáil súil ar an suíomh ó am go chéile - tá sé thar a bheith suimiúil! Beidh leabhar iontach as seo nuair a bheidh tú críochnaithe (má thagann tú ar ais ar chor ar bith!)... Ceist beag: an dtagann Santy go dtí an Bhrasíl agus cén chuna atá air?
Tá chuile shórt go maith an taobh seo tíre...mé tosaigh isteach go maith sa bpost nua.
Le meas,
Breandán

by brenmurt

Hi a Bhreandáin!

Cinnte tagann Santy go dtí an Bhrasaíl, féach an t-alt 'Santaí sa Teas'. Cinnte beidh mé ag teacht ar ais (Dé hAoine seo, creid é nó ná creid.) Beidh go leor scéalta agam duit. Ádh mór san Iarsmalann! Alex

by Alex-H

Alex,
Tá tú ag teacht ar ais Dé hAoine? An bhfuil mé do thuiscint i gceart? Má tá, nach scioptha a bhíonn an t-am ag imeacht. Dé réir mar atá léite agam d'éirigh thar barr leat gan na teoirleabhair...
Breandán

by brenmurt

Is ea, tá mé ag teacht ar ais ar an Aoine seo. Agus aisteach go leor, tá súil agam go mbeidh sé ina dhíle báistí i nGaillimh - níor mhothaigh mise deoir fearthainne le os cionn míosa go leith (níl mé ag magadh.) Cuirfidh mé scairt ort.

by Alex-H

This blog requires you to be a logged in member of Travellerspoint to place comments.

Enter your Travellerspoint login details below

( What's this? )

If you aren't a member of Travellerspoint yet, you can join for free.

Join Travellerspoint