A Travellerspoint blog

Faoin Talamh

SÂO PAULO

semi-overcast 19 °C

Tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil aithne mhaith aige orm gur trainspotter de chineál atá ionam - rud ar bith ar rothaí (nó go deimhin ar muir nó san aer, go bunúsach rud ar bith a bhaineann le hiompar poiblí) is breá liom é.
Creidim go láidir gur féidir sochaí chathair ar bith a mheas de réir an chórais iompair phoiblí atá aici. Underground Londain, Subway Nua Eabhraic, tramanna Amsterdam, El Chicago, Metro Phárais, Luas Bhaile Átha Cliath, Metro Washington DC, córais na Bruiséile, Glaschú, Rotterdam, tá siad uilig feicthe agam agus tuilleadh, ach sáraíonn córas São Paulo iad ar fad.

metro.jpg

Córas fobhealaigh São Paulo - ná bí buartha, beidh an chéad traein eile ag teacht i gceann nóiméid!

Cathair de 18 milliún duine atá i São Paulo, an tríú cathair is mó ar domhan. Os cionn na talún, tá tranglam tráchta ann de lá is d'oíche. Caitheann mangairí sráide ciorsúir ar a mbéal mar chosaint ar an toit. Ach tá cúrsaí difriúil thíos faoin talamh.
Tá córas metro São Paulo leagtha amach chomh cliste sin nach dtógann sé am ar bith dul ó bairro go bairro sa chathair mhór mhillteanach seo. Nuair a thagann tú as traein amháin, imíonn an chéad traein eile atá uait ón ardán díreach trasna ón ardán ag ar sheas an traein a raibh tú air. Agus bíonn an traein ann romhat! Agus muna bhfuil, beidh sí ann tar éis nóiméid amháin.

Rud eile a thaitníonn liom faoi metro São Paulo ná nach mbíonn leisce ar dhaoine breathnú sna súile ar a chéile. Ní fiosracht atá i gceist agam ach daonnacht - rud atá á chailleadh againne san 'Iarthar'.
Tá sé seo tugtha faoi deara agam le roinnt blianta anuas. Go bunúsach, ó 9/11. Ar tramanna Amsterdam ach go háirithe, ach chomh maith céanna ar Subway Nua Eabhraic nó fiú ar an Luas féin - seachnaíonn daoine súile a chéile, a bhuíochas leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
Níl baint ná páirt ag an mBrasaíl leis an gcogadh bradach sin. Má osclaíonn tú an nuachtán anseo, ní bhíonn na focail SCEIMHLITHEOIRÍ, MOSLAMAIGH agus IOSLÁM ag screadaíl ort ó na leathanaigh. (COIRIÚLACHT an focal a bhíonn ag screadaíl leat anseo.) (Mar a tharlaíonn, tá pobal Moslamach sa Bhrasaíl gan dabht, cuid mhór acu i São Paulo, cuid mhór eile i ndeisceart na tíre sa chathair Foz d'Iguaçú. Ach ní chuirtear sceimhlitheoireacht ina leith ar bun laethúil.)

Ach an rud is fearr faoi metro São Paulo: creid é nó ná creid, ach tá innill díolacháin ar na hardáin a dhíolann... leabhair! Saothar Nietzsche, Macchiavelli agus Kafka ina measc. Agus go leor Paulo Coelho, ar ndóigh.

Tá fáilte romhat teachtaireacht a fhágáil dom mar fhreagra ar rud ar bith atá scríofa sa bhlog seo - cliceáil ar an nasc faoin alt.

Posted by Alex-H 03:30 Archived in Brazil Tagged postcards

Email this entryFacebookStumbleUpon

Table of contents

Comments

is aisteach an rud e nach feiceann daoine i suile daoine eile ar chorais iompair agus cuireann se go mor isteach orm. ach thug me e faoi deara roimh teacht i reim an amadain Bush. ta an ceart agat go bhfuil se ceangailte le sochai an lae inniu i sli eigin ach nach bhfuil se nios deimhne na sceimhlitheoireacht. bionn baol ionsai ann mar shample ma fheiceann tu i suile strainseir srl.

by croiban

This blog requires you to be a logged in member of Travellerspoint to place comments.

Enter your Travellerspoint login details below

( What's this? )

If you aren't a member of Travellerspoint yet, you can join for free.

Join Travellerspoint