A Travellerspoint blog

Icaraí

BALEIA, CEARÁ

semi-overcast 30 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Icaraí an teideal atá ar cheann de na píosaí ceoil is fearr liom as an mBrasaíl, ón mbanna ceoil Os Ipanemas. D'fhéadfadh Icaraí iomlán difriúil a bheith i gceist ón Icaraí inar chaith mise an 5 lá deireanach (tá níos mó ná Icaraí amháin sa Bhrasaíl) ach ba é ainm na háite ar an léarscáil a tharraing go Icaraí mé, ar chósta thuaidh Ceará.

DSCF0950.JPG
Dumhcha gainimh in aice le Icaraí

Bhí Icaraí níos deacra le baint amach ná mar a shíl mé. Tá caint ar bhus a bheith ann, ach le linn an 5 lá a chaith mé sa pharrthas beag seo ag deireadh an domhain ní fhaca mé é; is léir gur bus do thaibhsí atá ann. Bhain mé Icaraí amach ar chúl gluaisrothair ar an 1 Eanáir, aistear 60km ar bhóthar nach raibh de dhromchlá air ach clocha beaga scartha... dearga! Agus go leor dusta.

Chaith mé 4 lá ag déanamh bolg-le-gréin (ag déanamh droim-le-gréin, i ndáiríre: tá mo bholg an-donn cheana féin agus teastaíonn uaim go mbeidh an dath craicinn céanna orm ar mo cholainn uilig! D'éirigh le mo mhisean.) Nuair nach raibh mé i mo luí ar an trá bhí mé ag snámh san fharraige nó ag bailiú sliogán.

Ar an 5ú lá, shocraigh mé an parrthas a fhágáil (mar a dúirt mé san iontráil dheireanach, níl an t-idirlíon ar fáil ach i dteach príobháideach, agus earra eile atá gann sa pharrthas ná gallúnach chun tú féin a bhearradh.) Ós rud é gur do thaibhsí amháin atá an bus, shocraigh mé eachtra beag agam agus dul de shiúl na gcos: 36km ar an trá go dtí an chéad bhaile eile, Baleia.

DSCF0991.JPG
Ceann de na radharcanna ar an bhealach, jangadas, nó báid seoil beaga, ar an trá ag Maceió, baile iascairí beag bídeach

D'éirigh liom, 6 1/2 uaire an chloig, le briseadh 3 uaire an chloig sa lár nuair a bhí sé ró-the le siúl. Leis an uisce ar fad a bhí á iompar agam, bhí lastas 17kg ar mo dhroim freisin, oh, agus rinne mé dearmad a rá, ar ndóigh rinne mé an t-aistear ar fad cosnocht (bhí sé níos éasca siúl go díreach ar líne na taoide.) Is fiú ar a laghad 3 thuras go barr Chruach Phádraig an méad sin!!!

DSCF0978.JPG
Baisteach ar an mbealach

Chomh maith leis sin, dá mbreathnófá ar an mapa (ach theastódh mapa le scála sách ard den Bhrasaíl uait) d'fheicfeá go bhfuil mé i ndiaidh casadh timpeall. Bhí sé i gceist agam coinneáil orm i dtreo São Luis sa stát Maranhão, ach bhí báisteach ar an mbealach. Go leor leor báistí. Siar ó Icaraí, atá gar go leor do Mharanhão, tá dhá shéasúr acu: ceann tirim agus ceann fliuch. Agus tá séasúr na báistí díreach tosaithe, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Mí an Mheithimh (sin an fáth go bhfuil Carnaval dá chuid féin ag muintir São Luis, Bumba-Meu-Boi, i Mí an Mheithimh.) Shocraigh mé go mbeidh neart fearthainne ag fanacht orm nuair a fhillfidh mé ar Ghaillimh i gceann coicíse, agus tá mé chun sult a bhaint as grian oirthuaisceart na Brasaíle go dtí sin!

Posted by Alex-H 05:38 Archived in Brazil Tagged postcards

Email this entryFacebookStumbleUpon

Table of contents

Comments

6.5 uair a chloig ag siul? fair-play duit, maith thu. sceal iontach le haghaidh na paisti, is docha:-) is doigh liom go bhfuil tu beagainin as do mheabhar afach! Slan

by croiban

Bhuail mé le cailín ón Bhrasaíl ar an mbus ó shin a shiúil 150km ó Icaraí go Fortaleza! Ach ní i lá amháin, bhí sí ag codladh i mbotháin iascairí.

by Alex-H

This blog requires you to be a logged in member of Travellerspoint to place comments.

Enter your Travellerspoint login details below

( What's this? )

If you aren't a member of Travellerspoint yet, you can join for free.

Join Travellerspoint