Rudaí nach dtuigfidh mé go brách
FORTALEZA, CEARÁ
11.01.2007 - 11.01.2007
35 °C
View
Brasil 06/07
on Alex-H's travel map.
Agus os cionn dhá mhí caite sa Bhrasaíl agam ag an staid seo, tá go leor foghlamtha agam agus tuigim i bhfad níos mó faoin tír rúndiamhrach seo ná sular thug mé faoin aistear seo. Ach tá rudaí ann nach dtuigfidh mé go brách. Seo an liosta leis na rúndiamhair is fearr:
1. Tá sé ceadaithe d'fhear ar bith a bhod a thochas go poiblí, agus ar feadh i bhfad, ach íosfaidh an fear céanna torthaí ar nós mealbhacáin (melon) agus mango le scian agus forc. Cén fáth????????
2. Tuigim go bhfuil gá le aer-oiriúnú (airco) ar bhusanna i dtír thropaiceach. Ach cén fáth go gcaithfear an rud a chasadh suas an bealach ar fad i gcónaí le go n-athraíonn an bus ina reoiteoir ar rotha? Ar rud macho atá ann, go gcaithfidh an tiománaí a thaispeáint cé chomh cumhachtach is atá a chóras aer-oiriúnaithe?
3. Tá ganntanas boinn airgid sa Bhrasaíl le fada an lá, rud a chiallaíonn nach mbíonn séanseáil cheart ag duine ar bith duit riamh. Glactar le milseáin mar shéanseáil go minic. Cén fáth nach ndéanann an rialtas níos mó boinn airgid??? Níl cúpla centavos chun cur leis an mboilsciú airgid mórán, agus ní bheadh ar lucht na siopaí dul ag cuartú séanseála sa siopa béal dorais do chuile chustaiméir.
4. An breithlá is tábhachtaí i do shaol, leis an gcóisir is mó. Ní shea, ní 21 (cosúil le hÉirinn), ní 18 (cosúil leis an Ísiltír) agus ní 15 (cosúil le go leor tíortha eile i Meiriceá Theas.) An breithlá is tábhachtaí: 1. 'Sea, do chéad bhreithlá, an ceann nach gcuimhneoidh tú air go brách.
Posted by Alex-H 10.01.2007 11:32 AM Archived in Postcards | Brazil








Ceist 1. Freagra: mar ta a fhios aige ca raibh a chuid lamha (because he knows where his hands were)
11.01.2007 by meanderer