Graffiti
BELO HORIZONTE
23.11.2006
27 °C
Nuair a bhí Café Bananaphoblacht fós agam ar Shráid Dhoiminic, cuireadh graffiti ar thaobh an chaifé ar a laghad uair gach dhá mhí. Bhí mise i gcónaí ag iarraidh ealaíontóir graffiti óg a aimsiú a dhéanfadh píosa ealaíne ceart dom ar thaobh an fhoirgnimh, ach ní raibh na comharsana béal dorais ag iarraidh go ndéanfainn a leithéid (nach mise a bhí dúr ceist a chur orthu!)
Ealaíon graffiti i gceantar Liberdade, i São Paulo
Tá dearcadh difriúil amach is amach ar graffiti sa Bhrasaíl. Tá chuile fhoirgneamh oifige clúdaithe leis, go mórmhór sna cathracha móra. Cineál fásach coincréide a bhíonn sna cathracha móra Brasaíleacha (São Paulo agus Belo Horizonte, an áit a bhfuil mé faoi láthair, ach go háirithe.) Dá bharr sin, cuireann an graffiti le tírdhreach na cathrach, agus is minic gurb iad strus shaol na cathrach agus an tranglam tráchta féin atá mar inspioráid ag na healaíontóirí graffiti, a íoctar go minic as a saothar. Bíonn meas ag ealaíontóirí graffiti ar shaothar a chéile freisin, dá bharr sin is smaoineamh maith é píosa graffiti a choimisiúnú ionas nach gclúdófar do bhalla le graffiti de chineál eile... pixação.
Chomh álainn is atá graffiti ealaíonta na Brasaíle, tá a mhalairt ar fad ar fáil chomh maith. Tá an leath de na foirgnimh nach bhfuil clúdaithe le graffiti ealaíonta clúdaithe le pixação - litreacha móra dubha gránna a chuirfeadh na aibitir na ndraoithe Lochlainneacha i gcuimhne duit.
Níl meas ar bith ar na pixadores sa Bhrasaíl, ach deir siad féin (chonaic mé clár fáisnéise fúthu) go ndéanann siad é toisc go bhfuil sé saor (tá péint dhaite, cheart an-daor; úsáideann na pixadores péint bhaile-dhéanta de rubair dóite.) Go minic, cuireann na pixadores a mbeatha i mbaol agus iad i mbun oibre. Bíonn siad ag tabhairt dúshlán a chéile ag dreapadh ar dhíonta na bhfoirgneamh arda, ag cur an pixação in áiteanna nach gcreidfeá a thiocfadh le duine a bhaint amach.
(Níor éirigh liom grianghraf le pixação a uaslódáil go fóill ach cuirfidh mé ceann suas chomh luath agus is féidir.)
Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi!
Is féidir teachtaireacht a fhágáil dom ach cliceáil ar an nasc 'leave commment'.







