Ór Dubh
OURO PRETO, MINAS GERAIS
24.11.2006
28 °C
Bhí na Portaingéiligh rud beag gann ar shamhlaíocht nuair a cheap siad logainmneacha an taoibh tíre ina bhfuilim faoi láthair: thug siad Minas Gerais (Mianacha Ginearálta) ar an stát, agus Ouro Preto (Ór Dubh) agus Ouro Branco (Ór Bán) ar chuid de na cathracha a bunaíodh ann. Ach, déanann na logainmneacha beart de réir a mbriathar: bhí (agus tá) sléibhte Minas Gerais lán go béal le hór, airgead, gual, iarainn, agus rud ar bith eile a bheadh ag teastáil uait chun ollmhargadh mianraí a thosú.
Séipéal, agus carraig aisteach.
Sa 18ú hAois a bunaíodh Ouro Preto, an chathair ar thug mé cuairt uirthi inniu. Chuirfeadh an chathair Cill Chainnigh nó Gaillimh i lár an tsamhraidh i gcuimhne duit, turasóirí (Brasaíligh an chuid is mó acu) ag siúl na sráideanna cúnga, cama, ag siúl ó sheoideoir go seoideoir. Ba bheag nár tháinig fiabhras óir orm féin, ach dhiúltaigh mé don chathú.
Ach an rud is áille ar fad faoi Ouro Preto ná na sléibhte atá timpeall air. Tá mé chun úsáid a bhaint as aidiacht thar a bheith theibí: rúndiamhrach. Samhlaigh sléibhte Thír Chonaill, timpeall ar Ghleann Bheatha, ach iad níos airde, cuid acu clúdaithe le crainn tropaiceacha, cuid eile maol agus maorga agus ag déanamh bolg-le-gréin leis an ngrian neamhthrócaireach. Agus ansin, ó am go chéile, rud éigin a insíonn duit go bhfuil tú i Meiriceá Theas: sliabh le beann ar nós an chinn atá le feiceáil os cionn an tséipéil sa phictiúr thuas.
Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi.







