A Travellerspoint blog

Nov 2006

1 Pictiúr = 1,000 Focal

SÃO PAULO

semi-overcast 18 °C

Tá sé curtha i mo leith uair nó dhó ag comh-iriseoirí de mo chuid go bhfuil nós agam íomhá ró-dhearfach a phéinteáil den Bhrasaíl. B´fhéidir go ndéanaim - níl ann ach go bhfuil íomhá fíor-dhearfach agam féin den Bhrasaíl. Ach chun a chruthú nach bhfuil mé dall ar na lochtanna atá ar an tír seo, tá mé chun an grianghraf seo a chur suas ar an mblog. Mar a deir an sean-mhana iriseoireachta: is fiú míle focal pictiúr amháin.

Homemnarua.JPG

Ní hé an fear sráide atá ina luí ar an gcosán an rud is aistí sa phictiúr seo. Coinnigh ort ag léamh le fáil amach céard atá aisteach faoin bpictiúr seo.

Maidin inné, chuaigh mé ag siúl tríd cheantar an stáisiúin traenach Luz, ceantar a mbíodh drochcháil air ach atá ag feabhsú le roinnt blianta anuas. Ar an taobh ó thuaidh den stáisiún féin, chonaic mé dhá rud aisteach agus mé ag teacht timpeall an chúinne:

1. Fear sráide a bhí ina luí, leathmharbh, ar an gcosán. Bhí a ghéaga ag gobadh amach óna chorp ar bhealach amscaí. Bhí píosa aráin leath-ite ina luí in aice leis. Bhí cuilleoga ag timthriall os cionn an fhir.

2. Scuaine mhór mhillteanach daoine a bhí ag fanacht ar rud éigin. Bhí ruball na scuaine díreach in aice leis an bhfear sráide leathmharbh, ach ní raibh duine ar bith sa scuaine ag cur suim san fhear.

Thóg sé thart ar nóiméad orm m'intinn a dhéanamh suas faoi phictiúr a thógáil, ach bhuaigh an t-iriseoir ionam. Shiúil mé ar ais, thóg mé an pictiúr, agus d'imigh mé liom. Níor thug mé airgead ar bith don fhear, cé gur thóg mé a phictiúr.

Thiocfadh leat a rá go bhfuil sé sin fuarchúiseach agus crua. Ach céard faoin slua daoine (os cionn trí chéad) a bhí ina seasamh sa scuaine? Dá mbeadh airgead tugtha agam don fhear, bheadh drugaí ceannaithe aige leis. Chomh maith leis sin, dá dtabharfainn airgead don fhear seo, céard faoi na milliúin eile a mhaireann ar na sráideanna sa Bhrasaíl?

B'fhéidir gurb é mianach an iriseora é, ach níor chuir an eachtra as dom mórán. Chonaic mé íomhá, chonaic mé scéal. Ach bhí rud éigin aisteach faoin scéal. Ní hé an fear a bhí ina luí ar an gcosán an rud ab aistí faoin scéal - ba é an rud ba aistí faoin scéal ná cúis na scuaine. Ní ag fanacht le ticéidí traenach a bhí an trí chéad duine a bhí sa scuaine - bhí siad ag fanacht le dul isteach sa Museu da Lingua Portuguesa, Iarsmalann na Portaingéilise, atá lonnaithe sa stáisiún freisin Anois, sin dúthracht teanga duit.

Homemnarua.JPG

An rud is aistí faoin bpictiúr seo: Tá na daoine sa scuaine ag fanacht le dul isteach in Iarsmalann na Portaingéilise.

Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi.

Má theastaíonn uait teachtaireacht a fhágáil, tá nasc ag bun an ailt chun sin a dhéanamh.

Alex.

Posted by Alex-H 4:46 AM Archived in Postcards | Brazil Comments (3)

Faoin Talamh

SÂO PAULO

semi-overcast 19 °C

Tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil aithne mhaith aige orm gur trainspotter de chineál atá ionam - rud ar bith ar rothaí (nó go deimhin ar muir nó san aer, go bunúsach rud ar bith a bhaineann le hiompar poiblí) is breá liom é.
Creidim go láidir gur féidir sochaí chathair ar bith a mheas de réir an chórais iompair phoiblí atá aici. Underground Londain, Subway Nua Eabhraic, tramanna Amsterdam, El Chicago, Metro Phárais, Luas Bhaile Átha Cliath, Metro Washington DC, córais na Bruiséile, Glaschú, Rotterdam, tá siad uilig feicthe agam agus tuilleadh, ach sáraíonn córas São Paulo iad ar fad.

metro.jpg

Córas fobhealaigh São Paulo - ná bí buartha, beidh an chéad traein eile ag teacht i gceann nóiméid!

Cathair de 18 milliún duine atá i São Paulo, an tríú cathair is mó ar domhan. Os cionn na talún, tá tranglam tráchta ann de lá is d'oíche. Caitheann mangairí sráide ciorsúir ar a mbéal mar chosaint ar an toit. Ach tá cúrsaí difriúil thíos faoin talamh.
Tá córas metro São Paulo leagtha amach chomh cliste sin nach dtógann sé am ar bith dul ó bairro go bairro sa chathair mhór mhillteanach seo. Nuair a thagann tú as traein amháin, imíonn an chéad traein eile atá uait ón ardán díreach trasna ón ardán ag ar sheas an traein a raibh tú air. Agus bíonn an traein ann romhat! Agus muna bhfuil, beidh sí ann tar éis nóiméid amháin.

Rud eile a thaitníonn liom faoi metro São Paulo ná nach mbíonn leisce ar dhaoine breathnú sna súile ar a chéile. Ní fiosracht atá i gceist agam ach daonnacht - rud atá á chailleadh againne san 'Iarthar'.
Tá sé seo tugtha faoi deara agam le roinnt blianta anuas. Go bunúsach, ó 9/11. Ar tramanna Amsterdam ach go háirithe, ach chomh maith céanna ar Subway Nua Eabhraic nó fiú ar an Luas féin - seachnaíonn daoine súile a chéile, a bhuíochas leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
Níl baint ná páirt ag an mBrasaíl leis an gcogadh bradach sin. Má osclaíonn tú an nuachtán anseo, ní bhíonn na focail SCEIMHLITHEOIRÍ, MOSLAMAIGH agus IOSLÁM ag screadaíl ort ó na leathanaigh. (COIRIÚLACHT an focal a bhíonn ag screadaíl leat anseo.) (Mar a tharlaíonn, tá pobal Moslamach sa Bhrasaíl gan dabht, cuid mhór acu i São Paulo, cuid mhór eile i ndeisceart na tíre sa chathair Foz d'Iguaçú. Ach ní chuirtear sceimhlitheoireacht ina leith ar bun laethúil.)

Ach an rud is fearr faoi metro São Paulo: creid é nó ná creid, ach tá innill díolacháin ar na hardáin a dhíolann... leabhair! Saothar Nietzsche, Macchiavelli agus Kafka ina measc. Agus go leor Paulo Coelho, ar ndóigh.

Tá fáilte romhat teachtaireacht a fhágáil dom mar fhreagra ar rud ar bith atá scríofa sa bhlog seo - cliceáil ar an nasc faoin alt.

Posted by Alex-H 3:30 AM Archived in Postcards | Brazil Comments (1)

Baby, Baby

Amhrán Grá do Chathair Ghránna

Não sei, comigo vai tudo azul
Contigo vai tudo em paz
Vivemos na melhor cidade
Da América do Sul
Da América do Sul

Você precisa
Você precisa
Não sei
Leia na minha camisa

Baby baby
I love you

Níl a fhios agam, tá chuile shórt go breá liomsa
Tá chuile shórt go réidh leatsa
Tá muid inár gcónaí sa chathair is mó
I Meiriceá Theas
I Meiriceá Theas

'Séard a theastaíonn uaitse
'Séard a theastaíonn uaitse
Níl a fhios agam
Léigh ar mo T-léine é

Baby baby
I love you

Is mar sin a chríochnaíonn 'Baby', ceann de na hamhráin Brasaíleacha is fearr dár cumadh riamh. An t-amhránaí Caetano Veloso a chum an ceol agus na focail, ach ba iad an grúpa siceadéalach Os Mutantes a bhain barr na gcairteanna amach leis.

Amhrán grá atá in 'Baby' - agus amhrán grá atá ann, ar bhealach, do São Paulo, áit a raibh cónaí ar Caetano Veloso nuair a scríobh sé an t-amhrán. Is é São Paulo an chathair is mó i Meiriceá Theas, an tríú cathair is mó ar domhan, agus, gan dabht ar bith, ceann de na cathracha is gránna ar domhan.

DSCF0400.JPG

Ach, cosúil le Caetano, thit mise i ngrá leis an gcathair craiceáilte, coincréide seo nuair a chuir mé cos ann don chéad uair. Thit mé i ngrá leis an mearbhall mór, an tranglam tráchta, an dufar daoine, le splancadh na soilse ar bharr na gcrann cumarsáide atá ar bharr na bhfoirgneamh spéire ar dhá thaobh an Avenida Paulista. Thit mé i ngrá leis an toirneach agus an bhaisteach gan choinne a dhéanann srutháin as na sráideanna. Thit mé i ngrá leis an radharc scáfar ón bhfoirgneamh is airde i Meiriceá Theas, an Edificio Itália - radharc ar chathair nach bhfuil a deireadh le feiceáil, ar thaobh ar bith. Cathair ghránna í, ach cathair cheart í. Mar a dúirt Marlene Dietrich: "Rio is a beauty. But São Paulo, São Paulo is a city." Níl mé ag dul ag argóint leí.

Sa chathair seo atá mé ag cur tús le mo chamchuairt 10 seachtainí ar an mBrasaíl. Níl ach tuairim fhánach agam cá dtabharfaidh m'aistear mé, ach beidh cur síos sna leathanaigh seo ar a bhfuil le feiceáil le taobh an bhóthair. Chomh maith leis sin, beidh tuairiscí ón mBrasaíl ar Na Ceithre hAirde in Foinse chuile Shatharn.

Abraços,
Alex.

Posted by Alex-H 12:04 PM Archived in Postcards | Brazil Comments (0)

(Entries 6 - 8 of 8) Previous « Page 1 [2]