Léigh ar mo T-léine é! Na Ceithre hAirde sa Bhrasaíl tag:travellerspoint.com,2006-11-05:/blog/?domain=naceithrehairde 2007-01-17T14:00:12Z Alex-H img/travel-blog-feed.png O Fim tag:travellerspoint.com,2007-01-17:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=25&entryid=39501 2007-01-17T14:00:12Z 2007-01-17T14:00:12Z Is cuimhin liom an chéad uair gur chuir mé spéis sa Bhrasaíl. Ag Fleádh Scannán na Gaillimhe, roinnt mhaith blianta ó shin anois, bhí an stiúrthóir scannán Brasaíleach Walter Salles (Central Station, The Motorcycle Diaries) ag tabhairt masterclass. Mac léinn cumarsáide gan phingin rua a bhí ionamsa ag an am. Níor fhreastail mé ar an masterclass agus bhí Central Station (Central do Brasil) díolta amach. Ach chonaic mé Terra Estrangeira, ceann de na chéad scannáin a ... Is cuimhin liom an chéad uair gur chuir mé spéis sa Bhrasaíl. Ag Fleádh Scannán na Gaillimhe, roinnt mhaith blianta ó shin anois, bhí an stiúrthóir scannán Brasaíleach Walter Salles (Central Station, The Motorcycle Diaries) ag tabhairt masterclass. Mac léinn cumarsáide gan phingin rua a bhí ionamsa ag an am. Níor fhreastail mé ar an masterclass agus bhí Central Station (Central do Brasil) díolta amach. Ach chonaic mé Terra Estrangeira, ceann de na chéad scannáin a rinne Salles. Faoin am ar tháinig na focail O Fim (An Deireadh) ar an scáileán bhí mé meallta.


Is féidir leat an mapa a mhéadú agus a bhogadh leis an uirlis sa chúinne ard.

Tar éis dhá mhí go leith agus os cionn 7,200 ciliméadar tá deireadh tagtha le m'aistear, agus tá sé in am agam féin 'O Fim' a chur ag deireadh an bhlog seo.
Bhí an t-aistear a chur mé díom ar nós scannáin, agus go minic mhothaigh mé nach mise a bhí ag scríobh na scripte. Thug gaoith an tsaoil ar ais go Salvador mé ag deireadh an turais, áit a bhain mé amach díreach in am don fhéile reiligiúnda is mó i ndialann chraiceáilte na bhféiltí reiligiúnda i Salvador.

DSCF1006.jpg
Mná ar a mbealach chun staighrí eaglais Bonfim a ní.

Chuile bhliain ar an dara Déardaoin i Mí Eanáir níonn mná Bahia staighrí eaglais Bonfim i Salvador. Traidisiún é an Lavagem do Bonfim a thosaigh i 1754 nuair a d'ordaigh muintir geal Salvador dá sclábhaithe gorma a gcuid séipéal a ní. Ceart go leor, a dúirt na sclábhaithe, déanfaidh muid ár dtraidisiún reiligiúnda féin de. Ag an am, bhí Candomblé, meascán mearaí de chreidimh na dtreabhanna éagsúla Afraiceacha agus rúinne beag Caitliceachais, ag forbairt mar chreideamh mhuintir ghoirm na cathrach. Sa lá atá inniu ann, is í an creideamh is forleithne i Salvador, an chathair is goirme i Meiriceá Theas.

DSCF1008.jpg
An sean is an nua

I gCandomblé, is ionann O Senhor do Bonfim ('Tiarna an Deiridh Mhaith'), nó Íosa, agus an orixá (dia) Oxalá, ceann de na déithe is tábhachtaí sa chreideamh.
Ag an Lavagem, Déardaoin seo caite, bhí sráideanna na cathrach ar fad líonta le daoine gléasta i mbán agus gorm agus díoltóirí sráide ag díol bráisléidí, slabhraí, bia, agus fitas i chuile dhath - bráisléidí speisialta a thugann ádh duit agus a ligeann duit trí cheist a iarraidh ar na déithe a fhíorófar. Níor chuir mé féin ceann ar bith orm i mbliana, ach tá mé ag tabhairt slam acu ar ais go hÉirinn...

DSCF1007.jpg
Fita uait? Tá níos mó fitas le feiceáil ar shráideanna Salvador ná mar atá seamróga ar shráideanna na Gaillimhe sa séasúr turasóireachta.

Tá sé in am deireadh a chur leis an mblog seo. Ba mhaith liom go raibh maith agat a rá ó chroí le chuile dhuine a bhí á léamh go rialta (tá os cionn 200 agaibh ann) agus ach go háirithe leis na daoine a d'fhag teachtaireachtaí dom, rud a thug ardú meanman dom go minic agus mé ag seiceáil ríomhphoist in áiteanna iargúlta ag deireadh an domhain! Tá mé ag eitilt ar ais go hÉirinn amárach (Déardaoin 18 Eanáir), ag fágáil Salvador go luath ar maidin agus ag eitilt go São Paulo, uaidh sin go Páras, uaidh sin go BÁC, agus ansin ag tógáil an traein go Gaillimh... Turas ifreannda ach is fiú é. Agus tá súil agam go mbeidh sé ina dhíle báistí nuair a bhainfidh mé an Fhaiche Mhór amach - níor mhothaigh mé deoir fearthainne ar m'aghaidh le hos cionn míosa go leith anuas. Níl mé ag magadh.

Sin É
O FIM

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Fonn ort féin dul go dtí an Bhrasaíl? Seo mo chuid moltaí! tag:travellerspoint.com,2007-01-15:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=24&entryid=38780 2007-01-15T14:01:17Z 2007-01-15T14:01:17Z Mar atá tú in ann a fheiceáil ar an léarscáil thíos tá mé i ndiaidh filleadh ar Salvador. Dá leanfainn orm siar as Icaraí (féach an píosa Icaraí) bheinn báite i séasúr na báistí agam faoin am seo. Chomh maith leis sin, tar éis níos mó ná dhá mhí ar an mbóthar, tá mé éirithe leisciúil. Tá aithne agam ar dhaoine anseo i Salvador, agus tá mé ag fanacht anseo go deireadh an aistir. [map=16353] [i]Is féidir an mapa ... Mar atá tú in ann a fheiceáil ar an léarscáil thíos tá mé i ndiaidh filleadh ar Salvador. Dá leanfainn orm siar as Icaraí (féach an píosa Icaraí) bheinn báite i séasúr na báistí agam faoin am seo. Chomh maith leis sin, tar éis níos mó ná dhá mhí ar an mbóthar, tá mé éirithe leisciúil. Tá aithne agam ar dhaoine anseo i Salvador, agus tá mé ag fanacht anseo go deireadh an aistir.


Is féidir an mapa seo a mhéadú agus a bhogadh leis an uirlis sa chúinne ard.

Ag breathnú ar na figiúirí a thugann Travellerspoint dom, tá isteach is amach le 200 duine ag breathnú ar an mblog seo chuile sheachtain. Tá os cionn 2,700 cuairteoirí tar éis cliceáil ar an suíomh ó thosaigh mé ar m'aistear thiar i Mí na Samhna. Tá súil agam gur chuir mé fonn ar ar a laghad cuid de na léitheoirí seo aghaidh a thabhairt ar an mBrasaíl iad féin! Má chuir, seo hiad mo chuid moltaí.

Réamhphleanáil

Chuaigh mise go dtí an Bhrasaíl gan treoirleabhar (féach an t-alt Níl An Plainéad Seo Uaigneach, ach le roinnt mhaith Phortaingéilise i mo phluic. Má tá tú ag dul go dtí an Bhrasaíl, bheadh sé chomh maith agat rud beag Portaingéilise a fhoghlaim, toisc nach labhraíonn mórán daoine Béarla anseo. (Agus má thagann tú trasna ar dhuine le Béarla, beidh ort canúint Mheiriceá a chur ort féin sula dtuigfear thú.) Má labhraíonn tú Spáinnis, tá leat freisin. Beidh tú in ann na comharthaí ar fad a thuiscint agus tuigfidh na Brasaíligh tusa. Ní thuigfidh tú iad, áfach.

Chaith mise dhá mhí go leith ag taisteal sa Bhrasaíl, agus rinne mé an taisteal ar fad le busanna (agus traein amháin) toisc go raibh mé ag iarraidh an tírdhreach a fheiceáil agus an t-achar a bhí mé ag cur díom a mhothú i mo chnámha (agus mhothaigh.) Tá gréasán agus caighdeán na mbusanna go hiontach (i bhfad, i bhfad níos fearr na Bus Éireann. Tugann cuid acu bia duit!)
Má tá níos lú ama agat, tá neart eitiltí inmheánacha ann chomh maith. Is féidir leat airpass a cheannacht roimh ré (daor) nó is féidir leat eitiltí a chur in áirithe ag oifig thaistil ar bith sa Bhrasaíl nuair atá tú ann (níos saoire, toisc go mbeidh tú in ann eitiltí de chuid Gol agus Ocean Air a fháil. Ní ghlacann na haerlínte buiséad seo le cártaí creidmheasa ó lasmuigh den Bhrasaíl.)

DSCF0778.JPG
Tá an chuid is mó de na busanna i bhfad níos fearr! Seo bus (fíor)áitiúil.

Cá háit agus cén uair?

Muna bhfuil ach beagáinín ama agat is fiú roinnt réamhphleanáil a dhéanamh, ach má tá flúirse ama agat mar a bhí agamsa, lig do do shrón tú a threorú! Ceann de na maidineacha is fearr a bhí agam ná nuair a phleanáil an cailín i stáisiún bus Conceição da Barra agus mé féin an chéad chúpla lá eile de mo thuras le chéile. Bhí sé a seacht a' chlog ar maidin agus ní raibh rud ar bith níos fearr le déanamh ag ceachtar againn!
Ach, mar a fuair mé amach, is féidir le réamhphleanáil a bheith úsáideach. Bhí mé ag iarraidh an chathair São Luis agus an stát timpeall air, Maranhão, a fheiceáil go mór. I ndáiríre bhí an ceantar seo ar bharr mo liosta don turas ar fad, agus sin an fáth gur fhág mé go dtí an deireadh é. Ach nuair a tháinig mé gar do São Luis, fuair mé amach go raibh séasúr na báistí díreach tosaithe ann agus go leanfadh an fhearthainn ar aghaidh go dtí Mí an Mheithimh. Chaith sé sin uisce ar mo chuid pleananna!

DSCF0978.JPG
Na scamaill bháistí a sheachain mé.

Ar ndóigh is í Rio de Janeiro an chathair is mó cáil sa tír ar fad, agus má tá tú ag dul go dtí an Bhrasaíl don chéad uair, caithfidh tú dul ann (bheadh sé ar nós cuairt a thabhairt ar Éirinn agus gan Guinness a ól muna rachfá go Rio de Janeiro ar a laghad uair amháin.) Ach caithfidh mé a rá nár bhain mé sult ar bith as Rio an iarraidh seo (an ceathrú uair go raibh mé sa chathair sin.) Bhí fiú trí lá ró-fhada!
Tá an Bhrasaíl chomh mór agus tá an oiread sin réigiúin difriúla ann go bhfuil sé dodhéanta chuile shórt a fheiceáil in aon turas amháin. Seo an ceathrú uair domsa sa Bhrasaíl agus níor bhain mé Amazonas amach go fóill! Ach sa chaoi chéanna agus a chuirtear Iarthar na hÉireann chun cinn mar chroí cultúrtha na hÉireann, is é Oirthuaisceart na Brasaíle, O Nordeste, croí agus anam na Brasaíle.

Costas

Bhí buiséad leagtha amach agam dom féin de 40 euro in aghaidh an lae (rud a oibríonn amach, faoi láthair, ag thart ar 125 reais.) D'éirigh liom fanacht laistigh den bhuiséad seo an chuid is mó den am. Bhí laethanta ann (in Icaraí mar shampla) nár chaith mé ach 40 reais (thart ar 12 euro) in aghaidh an lae, lóistín san áireamh. Ach laethanta eile, má bhíonn ort bus fada a thógáil, nó má tá éadaí nua de dhíth ort, caitheann tú níos mó airgid. Go ginearálta, tá an réigiún timpeall ar São Paulo agus Rio de Janeiro i bhfad, i bhfad níos daoire ná an chuid eile den tír, agus sin fáth eile chun é a sheachaint.
Rud atá deacair, mar má theastaíonn eitilt go dtí an Bhrasaíl uait nach gcosnóidh an t-uafás airgid ort, beidh tú ag eitilt isteach go São Paulo nó Rio. Faoi láthair, is ag Air France atá na heitiltí is saoire, agus tá an caighdeán go maith. Fágann tú BÁC, ceanglaíonn tú ag Charles de Gaulle i bPáras, agus eitlíonn tú go São Paulo (thart ar 14 uaire an chloig san iomlán.) Is fiú breathnú ar shuíomhanna KLM, Lufthansa agus Iberia chomh maith. An t-aon dream a eitlíonn caol díreach chuig Oirthuaisceart na Brasaíle (rud a ghearrann 3 uair an chloig den eitilt chomh maith) ná aerlíne na Portaingéile, TAP. Ach tá na heitiltí seo daor! Chomh maith leis sin, níl eitiltí, go bhfios dom, ag TAP féin as Éirinn go dtí an Phortaingéil, rud a dhéanann costas iomlán an taistil níos airde fós má theastaíonn uait dul chuig oirthuaisceart na tíre gan a dhul chuig an deisceart ar dtús.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Rudaí nach dtuigfidh mé go brách tag:travellerspoint.com,2007-01-11:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=23&entryid=38480 2007-01-11T20:12:23Z 2007-01-11T20:12:23Z Agus os cionn dhá mhí caite sa Bhrasaíl agam ag an staid seo, tá go leor foghlamtha agam agus tuigim i bhfad níos mó faoin tír rúndiamhrach seo ná sular thug mé faoin aistear seo. Ach tá rudaí ann nach dtuigfidh mé go brách. Seo an liosta leis na rúndiamhair is fearr: 1. Tá sé ceadaithe d'fhear ar bith a bhod a thochas go poiblí, agus ar feadh i bhfad, ach íosfaidh an fear céanna torthaí ar nós ... Agus os cionn dhá mhí caite sa Bhrasaíl agam ag an staid seo, tá go leor foghlamtha agam agus tuigim i bhfad níos mó faoin tír rúndiamhrach seo ná sular thug mé faoin aistear seo. Ach tá rudaí ann nach dtuigfidh mé go brách. Seo an liosta leis na rúndiamhair is fearr:

1. Tá sé ceadaithe d'fhear ar bith a bhod a thochas go poiblí, agus ar feadh i bhfad, ach íosfaidh an fear céanna torthaí ar nós mealbhacáin (melon) agus mango le scian agus forc. Cén fáth????????

2. Tuigim go bhfuil gá le aer-oiriúnú (airco) ar bhusanna i dtír thropaiceach. Ach cén fáth go gcaithfear an rud a chasadh suas an bealach ar fad i gcónaí le go n-athraíonn an bus ina reoiteoir ar rotha? Ar rud macho atá ann, go gcaithfidh an tiománaí a thaispeáint cé chomh cumhachtach is atá a chóras aer-oiriúnaithe?

3. Tá ganntanas boinn airgid sa Bhrasaíl le fada an lá, rud a chiallaíonn nach mbíonn séanseáil cheart ag duine ar bith duit riamh. Glactar le milseáin mar shéanseáil go minic. Cén fáth nach ndéanann an rialtas níos mó boinn airgid??? Níl cúpla centavos chun cur leis an mboilsciú airgid mórán, agus ní bheadh ar lucht na siopaí dul ag cuartú séanseála sa siopa béal dorais do chuile chustaiméir.

4. An breithlá is tábhachtaí i do shaol, leis an gcóisir is mó. Ní shea, ní 21 (cosúil le hÉirinn), ní 18 (cosúil leis an Ísiltír) agus ní 15 (cosúil le go leor tíortha eile i Meiriceá Theas.) An breithlá is tábhachtaí: 1. 'Sea, do chéad bhreithlá, an ceann nach gcuimhneoidh tú air go brách.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Icaraí tag:travellerspoint.com,2007-01-06:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=22&entryid=37810 2007-01-06T16:44:07Z 2007-01-06T13:54:43Z Icaraí an teideal atá ar cheann de na píosaí ceoil is fearr liom as an mBrasaíl, ón mbanna ceoil Os Ipanemas. D'fhéadfadh Icaraí iomlán difriúil a bheith i gceist ón Icaraí inar chaith mise an 5 lá deireanach (tá níos mó ná Icaraí amháin sa Bhrasaíl) ach ba é ainm na háite ar an léarscáil a tharraing go Icaraí mé, ar chósta thuaidh Ceará. Dumhcha gainimh in aice le Icaraí Bhí Icaraí níos deacra le baint amach ná mar a shíl ... Icaraí an teideal atá ar cheann de na píosaí ceoil is fearr liom as an mBrasaíl, ón mbanna ceoil Os Ipanemas. D'fhéadfadh Icaraí iomlán difriúil a bheith i gceist ón Icaraí inar chaith mise an 5 lá deireanach (tá níos mó ná Icaraí amháin sa Bhrasaíl) ach ba é ainm na háite ar an léarscáil a tharraing go Icaraí mé, ar chósta thuaidh Ceará.

DSCF0950.JPG
Dumhcha gainimh in aice le Icaraí

Bhí Icaraí níos deacra le baint amach ná mar a shíl mé. Tá caint ar bhus a bheith ann, ach le linn an 5 lá a chaith mé sa pharrthas beag seo ag deireadh an domhain ní fhaca mé é; is léir gur bus do thaibhsí atá ann. Bhain mé Icaraí amach ar chúl gluaisrothair ar an 1 Eanáir, aistear 60km ar bhóthar nach raibh de dhromchlá air ach clocha beaga scartha... dearga! Agus go leor dusta.

Chaith mé 4 lá ag déanamh bolg-le-gréin (ag déanamh droim-le-gréin, i ndáiríre: tá mo bholg an-donn cheana féin agus teastaíonn uaim go mbeidh an dath craicinn céanna orm ar mo cholainn uilig! D'éirigh le mo mhisean.) Nuair nach raibh mé i mo luí ar an trá bhí mé ag snámh san fharraige nó ag bailiú sliogán.

Ar an 5ú lá, shocraigh mé an parrthas a fhágáil (mar a dúirt mé san iontráil dheireanach, níl an t-idirlíon ar fáil ach i dteach príobháideach, agus earra eile atá gann sa pharrthas ná gallúnach chun tú féin a bhearradh.) Ós rud é gur do thaibhsí amháin atá an bus, shocraigh mé eachtra beag agam agus dul de shiúl na gcos: 36km ar an trá go dtí an chéad bhaile eile, Baleia.

DSCF0991.JPG
Ceann de na radharcanna ar an bhealach, jangadas, nó báid seoil beaga, ar an trá ag Maceió, baile iascairí beag bídeach

D'éirigh liom, 6 1/2 uaire an chloig, le briseadh 3 uaire an chloig sa lár nuair a bhí sé ró-the le siúl. Leis an uisce ar fad a bhí á iompar agam, bhí lastas 17kg ar mo dhroim freisin, oh, agus rinne mé dearmad a rá, ar ndóigh rinne mé an t-aistear ar fad cosnocht (bhí sé níos éasca siúl go díreach ar líne na taoide.) Is fiú ar a laghad 3 thuras go barr Chruach Phádraig an méad sin!!!

DSCF0978.JPG
Baisteach ar an mbealach

Chomh maith leis sin, dá mbreathnófá ar an mapa (ach theastódh mapa le scála sách ard den Bhrasaíl uait) d'fheicfeá go bhfuil mé i ndiaidh casadh timpeall. Bhí sé i gceist agam coinneáil orm i dtreo São Luis sa stát Maranhão, ach bhí báisteach ar an mbealach. Go leor leor báistí. Siar ó Icaraí, atá gar go leor do Mharanhão, tá dhá shéasúr acu: ceann tirim agus ceann fliuch. Agus tá séasúr na báistí díreach tosaithe, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Mí an Mheithimh (sin an fáth go bhfuil Carnaval dá chuid féin ag muintir São Luis, Bumba-Meu-Boi, i Mí an Mheithimh.) Shocraigh mé go mbeidh neart fearthainne ag fanacht orm nuair a fhillfidh mé ar Ghaillimh i gceann coicíse, agus tá mé chun sult a bhaint as grian oirthuaisceart na Brasaíle go dtí sin!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
DEIREADH AN DOMHAIN tag:travellerspoint.com,2007-01-04:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=21&entryid=37573 2007-01-04T21:05:41Z 2007-01-04T21:05:41Z Tá mé in áit chomh ciúin agus chomh uaigneach i dtuaisceart na Brasaíle nach bhfuil fáil ar an idirlíon ach i dteach dhuine príobháideach amháin (tá mé ansin anois.) Cuirfidh mé suas tuilleadh scéalta nuair a bheidh mé ar ais i measc na ndoaine arís! ... Tá mé in áit chomh ciúin agus chomh uaigneach i dtuaisceart na Brasaíle nach bhfuil fáil ar an idirlíon ach i dteach dhuine príobháideach amháin (tá mé ansin anois.) Cuirfidh mé suas tuilleadh scéalta nuair a bheidh mé ar ais i measc na ndoaine arís!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Feliz Ano Novo tag:travellerspoint.com,2006-12-31:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=20&entryid=36856 2006-12-31T12:24:07Z 2006-12-31T12:24:07Z Bhí pictiúr iontach agam d'fhir oibre ag réiteach na dtinte ealaíne ar chaladh Fortaleza, díreach ar aghaidh ón bhrú óige ina bhfuil mé ag fanacht, ach ar chúis éigin níl mé in ann an pictiúr a uaslódáil chuig an mblog. Mar sin féin, creid uaim go mbeidh sé ina chóisir ollmhór anseo anocht. Tinte ealaíne agus chuile dhuine gléasta in éadaí bána, ag damhsa ar an trá, ag fáiltiú roimh an mbliain úr. Ar maidin, tá mé ag dul chuig trá ... Bhí pictiúr iontach agam d'fhir oibre ag réiteach na dtinte ealaíne ar chaladh Fortaleza, díreach ar aghaidh ón bhrú óige ina bhfuil mé ag fanacht, ach ar chúis éigin níl mé in ann an pictiúr a uaslódáil chuig an mblog.

Mar sin féin, creid uaim go mbeidh sé ina chóisir ollmhór anseo anocht. Tinte ealaíne agus chuile dhuine gléasta in éadaí bána, ag damhsa ar an trá, ag fáiltiú roimh an mbliain úr.

Ar maidin, tá mé ag dul chuig trá ciúin, álainn, píosa beag amach as Fortaleza. Tiocfaidh mé ar ais tráthnóna don chraic ar an trá!

Níl fágtha ach trí sheachtainí agam sa Bhrasaíl. Coinneoidh mé orm leis an mblog seo go dtí an deireadh, ach anois díreach: Feliz Ano Novo, Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise, daoibh ar fad atá léamh seo!

Alex

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Dá mBeadh tag:travellerspoint.com,2006-12-29:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=19&entryid=36246 2006-12-29T21:25:18Z 2006-12-29T13:54:32Z Dá mbeadh an domhan ina chlár cothrom, cén chaoi a mbeadh an saol? Ceist den chineál céanna atá mé chun a chíoradh sa phíosa seo a leanas: iriseoireacht sa mhódh coinníollach más maith leat, ach ceist í nach féidir liom a sheachaint sa chuid seo den Bhrasaíl. Forte Orange, tógtha ag na hOllainnigh i 1631. Sa Bhrasaíl, má deirim go bhfuil mé i mo chónaí in Éirinn, cuirtear ceisteanna orm ar nós "Oh, agus cén chaoi a bhfuil ag éirí libh i ndiaidh ... Dá mbeadh an domhan ina chlár cothrom, cén chaoi a mbeadh an saol?

Ceist den chineál céanna atá mé chun a chíoradh sa phíosa seo a leanas: iriseoireacht sa mhódh coinníollach más maith leat, ach ceist í nach féidir liom a sheachaint sa chuid seo den Bhrasaíl.

DSCF0931.JPG
Forte Orange, tógtha ag na hOllainnigh i 1631.

Sa Bhrasaíl, má deirim go bhfuil mé i mo chónaí in Éirinn, cuirtear ceisteanna orm ar nós "Oh, agus cén chaoi a bhfuil ag éirí libh i ndiaidh an tsunami?" (Tharla sé sin faoi dhó cheana.) Ach má deirim gur as an Ollainn mé, tá a fhios ag chuile dhuine cén tír faoina bhfuilim ag caint - toisc go mba bheag nach cóilíneacht Ollainneach a bhí sa Bhrasaíl, agus ní ceann Portaingéileach. Agus aisteach go leor, táthar ann sa Bhrasaíl a cheapann gur mór an trua nárbh amhlaidh a tharla.

Sa bhliain 1624 (ar éigean go raibh an Bhrasaíl 100 bliain d'aois) ghabh na hOllainnigh Salvador. Shaoraigh siad na sclábhaithe gorma agus chuir siad saoirse chreidimh i bhfeidhm. Tháinig borradh faoi eacnamaíocht na cathrach, ach bliain níos déanaí, ghabh na Portaingéiligh ar ais é le cúnamh ó na Spáinnigh. D'éirigh níos fearr le hiarracht Ollainneach eile i 1631, nuair a ghabh siad Recife agus ceantar Pernambuco ar fad. D'fhan siad i gcumhacht go dtí 1654, agus le linn an 23 bliana sin chruthaigh siad leagan eile don Bhrasaíl - leagan nár lean, ar ndóigh.

DSCF0892.JPG
An chéad Sineagóg (teampall Giúdach) i Mór-Roinn Mheiriceá, Thuaidh nó Theas, a bunaíodh i Recife (nó Mauritsstad) faoi réimeas na nÍsiltíreach, nuair a bhí saoirse chreidimh ann.

San Ísiltír, tá dearmad déanta ar stair na nOllainneach sa Bhrasaíl (is cuimhin liom cloisteáil faoi sa rang staire ar scoil agus iontas mór a bheith orm.) Sa Bhrasaíl, níl dearmad déanta. A mhalairt, tá an iriseoireacht sa mhódh coinníollach ina thionscal beag anseo agus intelligentsia na tíre ag cur na ceiste: dá mba rud é gur mar chóilíneacht Ísiltíreach a thosódh an Bhrasaíl, an mbeadh ag éirí níos fearr leis an tír anois?

Le linn mo thurais sa Bhrasaíl, tá mé ag léamh an leabhair "Van Dorth" leis an scríbhneoir Brazaíleach Aydano Roriz, leabhar atá bunaithe ar ghabháil Salvador ag na hOllainnigh i 1624 agus na hathruithe a chuir siad i bhfeidhm. An dara leabhar as sraith faoi eachtraí na nOllainneach ag an scríbhneoir seo. Tá leabhar eile díreach foilsithe dar teideal "Outros Brasis" ("Leaganacha Eile den Bhrasaíl") ina scrúdaítear céard a bheadh tarlaithe dá n-éireodh leis na hOllainnigh. Chomh maith leis sin, tá telenovela (sobaldhráma) stairiúil á thaifeadadh i bPernambuco i láthair na huaire faoi stair na nOllainneach ann. Ní féidir liom an cheist a sheachtaint, mar sin.

Tá argóint leithéidí Aydano Roriz go mbeadh sochaí níos cothroime sa Bhrasaíl, gan an deighilt mhór mhillteanach idir saibhir agus daibhir atá ann anois, dá mba rud é gur éirigh leis an iarracht Ollainneach, bunaithe ar chúpla rud. Sa chéad dul síos, an tsaoirse chreidimh agus pearsanta a chuir na hOllainnigh i bhfeidhm sa Bhrasaíl. Nuair a bhí Giúdach á ndó sa Phortaingéil, mar shampla, bhí fáilte is fiche rompu san Ísiltír agus sa Bhrasaíl Ollainneach. Le linn réimeas na nOllainneach sa Bhrasaíl a tógadh an chéad Sineagóg ar mhór-roinn Mheiriceá (thuaidh nó theas.) Chomh maith leis sin, shaoraigh na hÍsiltírigh na sclábhaithe agus shocraigh siad go raibh anam ag daoine gorma chomh maith (rud nach raibh na Portaingéiligh sásta a admháil.) Aisteach, toisc go raibh na hOllainnigh fós ag trádáil sclábhaithe in áiteanna eile ar domhan ag an am céanna. Chomh maith leis sin, chothaigh an WIC (West-Indische Compagnie), an comhlacht a bhí i gceannas ar an gcóilíneacht, an eacnamaíocht áitiúil ar bhealach nach ndearna na Portaingéiligh.

DSCF0890.JPG
Droichead an Phrionsa Maurits i Recife, cathair arbh ainm di Mauritsstad ar feadh 23 bliana. An chéad mhórdhroichead sa Bhrasaíl (seo leagan nua de.)

Cinnte, ag siúl shráideanna Recife, cathair a chaith 23 bliana faoi réimeas na nOllainneach, is léir don dall go bhfuil oidhreacht dhifriúil ag an gcathair le hais, abair, Rio de Janeiro. Is léir ó leagan amach na sráideanna, na ndroichead agus na canálacha (!) gur Ollainnigh a bhunaigh í. Mar a tharlaíonn sé, sa lá atá inniu ann, tá cosúlacht aisteach idir Recife agus Rotterdam, lena meascán de sheanfhoirgnimh agus foirgnimh nua atá ag tochas na spéire.

Ach an féidir a rá go mbeadh an Bhrasaíl níos fearr as dá n-éireodh leis an iarracht Ollainneach? Ní cheapaim é. Sa chéad dul síos, ní bheadh Brasaíl amháin ann, ach péire: ní raihh suim ag na hIsiltírigh riamh ach sa chósta thoir-thuaidh. Bheadh deisceart na Brasaíle ina cóilíneacht Phortaingéileach i gcónaí. Agus maidir leis an tsochaí cothrom sin a cheapann na Brasaíligh a ´bhíonn ag brionglóidí faoi leagan Ollainneach dá dtír... tá siad dall ar phíosa fianaise béal dorais, an tSuireanám (nó Suriname), tír bheag ó thuaidh den Bhrasaíl a bhain neamhspleáchas amach ón Ísiltír i 1975 agus nach bhfuil ag éirí go hiontach leí ó shin (tá leath an daonra ina chónaí san Ísiltír anois.) Níos measa fós, céard faoin Afraic Theas, a thosaigh mar chóilíneacht Ollainneach agus a chruthaigh Apartheid, an córas cinedheighilte is géire riamh? Le bheith fírinneach, ní fiú an trioblóid é an iriseoireacht seo sa mhódh coinníollach, toisc nach bhfuil na freagraí ag aon duine.

Tháinig deireadh leis an iarracht cóilíneacht Ollainneach a bhunú in oirthuaisceart na Brasaíle i 1654 nuair a chuir na Portaingéiligh an ruaig ar na hÍsiltírigh. Chiallaigh sé sin go raibh géarleanúint i ndán do phobal Giúdach Recife in athuair. Díreach in am, tháinig dhá long seoil chun iad a shábháil. Tugadh ar ais go Amsterdam cuid de na Giúdaigh, chuaigh an long eile go Nieuw Amsterdam (mar a bhí ar Nua Eabhrac ag an am sin) áit arbh iad Giúdaigh Recife na chéad Ghiúdaigh a chuir cos ar thalamh i Meiriceá Thuaidh. I 1689, mhalartaigh an Ísiltír Nua Eabhrac don tSuireanám (Suriname) leis na Sasanaigh, ar chúis nach bhfuil soiléir. B'fhéidir gurb é an chiall a bhí leis ag an am ná tabhairt faoi chóilíneacht nua ar chósta thoir agus thuaidh Mheiriceá Theas ón áit sin. Más ea, níor tháinig mórán as!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Lá Fhéile Stiofáin tag:travellerspoint.com,2006-12-26:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=18&entryid=36217 2006-12-26T12:46:53Z 2006-12-26T12:40:47Z Deascéal! Ní mhaireann an Nollaig sa Bhrasaíl ach lá amháin! Thosaigh an féasta Oíche Nollag, bhí póit ar chuile dhuine inné, agus inniu, an 26ú, tá chuile shórt ar oscailt mar is gnáth. Olinda, tráthnóna inné, Lá Nollaig. Tabhair faoi deara: easpa turcaithe, easpa strus!!! Oíche Nollag, chuaigh mé ag damhsa ag beár sráide i lár na sean-chathrach Olinda, i dteannta cara ar bhuail mé leí ar www.couchsurfing.com agus roinnt cairde leí. Bhí an banna ceoil ag seinnt ... Deascéal! Ní mhaireann an Nollaig sa Bhrasaíl ach lá amháin! Thosaigh an féasta Oíche Nollag, bhí póit ar chuile dhuine inné, agus inniu, an 26ú, tá chuile shórt ar oscailt mar is gnáth.

DSCF0883.JPG
Olinda, tráthnóna inné, Lá Nollaig. Tabhair faoi deara: easpa turcaithe, easpa strus!!!

Oíche Nollag, chuaigh mé ag damhsa ag beár sráide i lár na sean-chathrach Olinda, i dteannta cara ar bhuail mé leí ar www.couchsurfing.com agus roinnt cairde leí. Bhí an banna ceoil ag seinnt ceol Afoxé, Axé agus Maracatu, meascán de stíleanna ceoil ó stáit Bahia agus Pernambuco. Tá an trí stíl cosúil go leor le chéile, bunaithe ar dhrumaí (drumadóirí MAITHE a bhí ann, ní an cineál a fheiceann tú ar Shráid na Siopaí i nGaillimh sa samhradh) agus tá sé níos furasta damhsa ar rithim Afoxé agus Axé ná mar atá ar rithim an tSamba.

Bhí an baile ar fad amuigh Oíche Nollag agus oíche aréir, níor fhan duine ar bith faoi ghlas ina theach féin!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Nollaig Shona tag:travellerspoint.com,2006-12-22:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=17&entryid=35859 2006-12-22T14:29:17Z 2006-12-22T14:29:17Z An Aoine dheireanach roimh an Nollaig... is dócha go bhfuil tú ag dréim le dul abhaile, tine móna a chur síos, fuisce nó gloine port te a bheith agat... ...agus beidh mise ag snámh ag an trá seo! Líonann béal abhann Maragogi le sáile na farraige faoi dhó gach lá, agus déanann sé linn snámha nádúrtha álainn! Is deacair a chreidiúint go bhfuil mé anseo, i mbaile beag ar chósta thoir thuaidh na Brasaíle, ag an am seo den bhliain. ... An Aoine dheireanach roimh an Nollaig... is dócha go bhfuil tú ag dréim le dul abhaile, tine móna a chur síos, fuisce nó gloine port te a bheith agat... ...agus beidh mise ag snámh ag an trá seo!

DSCF0868.JPG
Líonann béal abhann Maragogi le sáile na farraige faoi dhó gach lá, agus déanann sé linn snámha nádúrtha álainn!

Is deacair a chreidiúint go bhfuil mé anseo, i mbaile beag ar chósta thoir thuaidh na Brasaíle, ag an am seo den bhliain. Nuair a bhí Café Bananaphoblacht fós agam ar Shráid Dhoiminic i nGaillimh, bhíodh an tseachtain seo ar cheann de na seachtainí ba ghnóithí sa bhliain. Chuile dhuine ag rith timpeall ag ceannacht bronntanas, turcaí, crann Nollag... Go hiondúil, bheinn féin ag obair an shift deireanach ar an 24ú, le Síle, nó le Réjane. Cuimhní maithe iad, ach cuimhní atá an-fhada uaim ar an trá gheal seo.

Alagoas, an stát beag bídeach ina bhfuil mé faoi láthair, ar cheann de na cinn is boichte sa Bhrasaíl. Ar an mbealach anseo as Maceió, chonaic mé bochtanas nach bhfaca mé a leithéid riamh, áit ar bith sa Bhrasaíl. I gcomparáid le muintir bródúil, lách, fíochmhar Bahia (an stát mór millteanach rud beag ó dheas ó Alagoas ina raibh mé an choicís roimhe seo) tá cuma thuirseach, chaite ar mhuintir Alagoas. Brathann eacnamaíocht an stáit beagnach go hiomlán ar an siúcra, obair throm, shalach nach bhfuil mórán airgid ag baint leí - do na hoibrithe cibé. Tá rudaí rud beag níos fearr ar an gcósta, mar shampla sa bhaile beag Maragogi ina bhfuil mé ag fanacht anois le trí lá anuas. Tá an iascaireacht ag na daoine, agus tá fás mór faoin turasóireacht.

DSCF0871.JPG
Bíonn eangach na n-iascairí lán chuile mhaidin.

Tá sé in am agam Nollaig Shona a ghuí ar léitheoirí an bhloig seo. Go raibh maith agaibh faoin tsuim atá sibh ag cur i mo thuras, agus má bhíonn leadrán oraibh idir an Nollaig agus an bhliain úr, breathnaigh ar na leathanaigh seo féachaint an bhfuil aon cheo nua ann. Idir an dá linn, Nollaig Shona do chuile dhuine, agus tá súil agam go mbeidh bhur n-eangacha lán an bhliain seo chugainn.

Alex

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Santaí sa Teas tag:travellerspoint.com,2006-12-21:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=16&entryid=35676 2006-12-21T14:46:01Z 2006-12-21T14:46:01Z Ní maith liom Nollaig. Ach ar a laghad cuireann an Nollaig sna tropaicí ag gáire mé. Bhí tráth ann nuair a bhí traidisiúin dá gcuid féin ag an mBrasaíl ag an Nollaig. D'inis cara liom in Salvador dom go mba ghnáth lena sheanmháthair duilleoga ón gcrann pitanga (toradh beag oráiste) a chaitheamh ar urlár an tí um Nollaig. Nuair a shiúlfadh daoine ar na duilleoga, scaoilfidis a mboladh álainn, úr, agus bheadh cumhra na Nollag sa ... Ní maith liom Nollaig. Ach ar a laghad cuireann an Nollaig sna tropaicí ag gáire mé. Bhí tráth ann nuair a bhí traidisiúin dá gcuid féin ag an mBrasaíl ag an Nollaig. D'inis cara liom in Salvador dom go mba ghnáth lena sheanmháthair duilleoga ón gcrann pitanga (toradh beag oráiste) a chaitheamh ar urlár an tí um Nollaig. Nuair a shiúlfadh daoine ar na duilleoga, scaoilfidis a mboladh álainn, úr, agus bheadh cumhra na Nollag sa teach ar fad. D'éirigh na daoine as na traidisiúin sin i bhfad ó shin, áfach. Sa lá atá inniu ann, tá Santaí i réim.

DSCF0771.JPG
Daoine ag scátáil i mbaile Santaí in ionad siopadóireachta in Vila Velha, Espirito Santo. TÁ MUID SA BHRASAÍL!!!

Santaí Mheiriceá, le bheith cruinn. Déarfainn go bhfuil na monarchana a dhéanann sneachta bréige ag déanamh go leor airgid sa Bhrasaíl, mar tá leath na tíre clúdaithe i bpúdar bán faoi láthair. Munar leor é sin, is cosúil go bhfuil ionaid siopadóireachta na gcathracha móra ar fad i gcomórtas lena chéile don fheistiú Nollag is áiféisí.
Tugaim féin an gradam don chéad áit d'ionad siopadóireachta in Vila Velha, in Espirito Santo. Bhí OIGHEAR acu ar urlár an ionaid ar a raibh daoine ag SCÁTÁIL. Munar leor sin, bhí CEOLFHOIREANN IOMLÁN ag seinnt WALTZANNA!

Níl tuairim agam go fóill cén áit agus cén chaoi a mbeidh mé féin ag caitheamh na Nollag. (Tá a fhios agam go bhfuaimníonn sé sin aisteach toisc nach bhfuil fágtha ach 3 lá.) Ach is cuma liom, fad is a bheidh trá álainn ar fáil beidh mise sásta. Agus seans go rachaidh mé ag cuartú duilleoga pitanga. Coinneoidh mé ar an eolas sibh!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Bearradh Gruaige tag:travellerspoint.com,2006-12-19:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=15&entryid=35380 2006-12-19T21:50:06Z 2006-12-19T21:50:06Z An lá cheana, fuair mé an bearradh gruaige is fearr, agus is saoire, a fuair mé riamh i mo shaol. Sa Bhrasaíl, fásann mo chuid gruaige i bhfad níos sciobtha ná san Eoraip, agus bíonn orm dul chuig an ngruaigeadóir beagnach chuile trí sheachtainí. D'iarr mé ar bhean chéile dheartháir Nilton, an couchsurfer a bhfuil mé ag fanacht ina theach, mé a thabhairt chuig gruaigeadóir. Thug sí chuig áit timpeall an chúinne mé, áit a raibh siopa gruaigeadóra ag ... An lá cheana, fuair mé an bearradh gruaige is fearr, agus is saoire, a fuair mé riamh i mo shaol. Sa Bhrasaíl, fásann mo chuid gruaige i bhfad níos sciobtha ná san Eoraip, agus bíonn orm dul chuig an ngruaigeadóir beagnach chuile trí sheachtainí.

D'iarr mé ar bhean chéile dheartháir Nilton, an couchsurfer a bhfuil mé ag fanacht ina theach, mé a thabhairt chuig gruaigeadóir. Thug sí chuig áit timpeall an chúinne mé, áit a raibh siopa gruaigeadóra ag fear óg gorm i mbosca garáiste. Taobh amuigh, bhí sean-charr, leis an stereo casta suas ard, ag feidhmiú mar chóras fuaime: Bob Marley a bhí ag casadh. Bhí scuaine réasúnta fada annç tháinig bean ón tábhairne béal dorais isteach ag tógáil orduithe do dheochanna agus do bhia, a thug sí isteach gan mórán moille.

Bhí an gruaigeadóir óg ag obair sách sciobtha, áfach, agus roimh i bhfad bhí mé i mo shuí sa chathaoir. Faoin am sin, bhí rud beag faitís orm: roimh an lann rasúir láimhe a bhí in úsáid aige i ndiaidh an rasúir leictreach ach go háirithe. Ach chuaigh gach rud go maith. In ainneoin Bob Marley a bheith ár mbodhrú, d'éirigh liom a mhíniú dó i mo chuid drochPhortaingéilise cad é a theastaigh uaim a dhéanamh le mo chuid gruaige, agus thuig sé mé. Bhí sé ag déanamh iontais de mo chuid gruaige, nach raibh catach - ba mhise an chéad duine geal ar ghearr sé a chuid gruaige riamh. Bhí an bearradh gruaige go breá, ach an rud is fearr: níor ghearr sé orm ach 3 reais, .i. Euro amháin!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Príomhchathair na Cinniúna tag:travellerspoint.com,2006-12-14:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=14&entryid=34689 2006-12-14T14:09:17Z 2006-12-14T14:09:17Z Níl focail ann chun cur síos a dhéanamh ar Salvador da Bahia de Todos os Santos. Is dócha gurb shin an fáth a bhfuil oiread sin focail sa logainm féin. Tá an chathair seo ar cheann den dornán beag cathracha sin ar domhan a bhfuil a fhios acu go bhfuil draíocht ar leith acu. Samhlaigh an draíocht atá ag Cathair na Gaillimhe sa samhradh agus méadaigh í fá 10, agus cuimhnigh air go bhfuil sé ina shamhradh ... Níl focail ann chun cur síos a dhéanamh ar Salvador da Bahia de Todos os Santos. Is dócha gurb shin an fáth a bhfuil oiread sin focail sa logainm féin. Tá an chathair seo ar cheann den dornán beag cathracha sin ar domhan a bhfuil a fhios acu go bhfuil draíocht ar leith acu. Samhlaigh an draíocht atá ag Cathair na Gaillimhe sa samhradh agus méadaigh í fá 10, agus cuimhnigh air go bhfuil sé ina shamhradh i mBahia i gcónaí - níl aon séasúir anseo.

DSCF0829.JPG
Príomhchathair na Cinniúna

Seachtain ó shin a thug an ghaoth isteach go Salvador mé trasna Chuan na Naomh Uile, agus ní raibh mé in ann an chathair a fhágáil ó shin. D'fhéadfadh sé gurb iad camshráideanna cúnga na cathrach atá i gceist, gréasán bealaí, bóithe, droichid agus fobhailte nach bhfuil deireadh ná ciall ná réasún leis, nó d'fhéadfadh sé go bhfuil fórsaí níos cumhachtaí i mbun oibre.

De réir Bruno, deartháir Nilton, fear ar chuir mé aithne air tríd www.couchsurfing.com (féach an t-alt Ag Surfáil Ar An Tolg sa bhlog seo) níorbh í an ghaoth go díreach a thug isteach trasna an chuain mé ach Iansã, Orixá ((ban)dia)na tine agus na gaoithe i gcreideamh Bahia - Candomblé.
Is Pai-de-Santo (Athair Naoimh) sa chreideamh Candomblé é Bruno. Le scéal fada a dhéanamh gairid, is meascán idir creidimh Afraiceacha éagsúla agus rúinne beag Caitliceachais atá i gCandomblé, atá gaolta le Voodoo New Orleans agus Santería Cúba, mar shampla.
Ní amháin go bhfuil Iansã, Orixá na tine agus na gaoithe freagrach as na heilimintí sin, tá codanna eile den chinniúint faoina cúram freisin. Déanann sí cinnte go gcasann daoine ar na daoine a gcaithfidh siad casadh leo sa saol.

Tá mé chun rún beag a scaoileadh. Tá mé ag obair ar úrscéal le hos cionn bliana a thosaíonn sa Bhrasaíl agus a chríochnaíonn in Éirinn - bunaithe ar scéalta an phobail Bhrasaíligh a tháinig go háiteanna ar nós Ros Comáin agus Gort Inse Guaire mar inimircigh. Tharla sé nach raibh pictiúr cruinn agam riamh de dhuine den bheirt phríomhcharachtar san úrscéal, ach casadh orm é sa bheo an lá a tháinig mé go Salvador. Tuigim go maith go bhfuil difear idir duine beo agus carachtar ficsin, ach bíonn chuile charachtar ficsin bunaithe ar dhuine, nó ar dhaoine, beo. Ach i gcás phríomhcharachtar m'úrscéalsa, bhí sé sin doiléir, agus bhí an carachtar rud beag lag dá bharr - go dtí gur casadh Nilton orm. Agus ní fhéadfadh sé gur comhtharlúint atá ann gur ghlaoigh mé Milton (le M) mar ainm baiste ar an gcarachtar ficsin - os cionn bliana ó shin.

Anuas air sin, theastaigh uaim labhairt le Pai-de-Santo ('sagart' Candomblé) le cuid mhaith ceisteanna faoin gcreideamh (atá lárnach sa leabhar) a chíoradh. De ghnáth, bheadh orm dul ar thuras do thurasóirí le cuairt a thabhairt ar theampall Candomblé, ní bhfaighfinn ach 5 nóiméad ar a mhéad chun ceisteanna a chur, agus d'íocfainn go leor airgid as. Ní fhéadfadh sé mar sin gur comhtharlúint atá ann gur Pai-de-Santo atá i ndeartháir Nilton, agus gur Pai-de-Santo de chuid Iansã é, an bandia a chintíonn go gcasann na cnoic ar a chéile.

Tá fuinneamh ag Salvador nach bhfuil i mórán áiteanna eile ar domhan. Fuinneamh na cinniúna atá ann agus is fuinneamh é atá tú in ann a mhothú go fisiciúil, agus is rud é sin nach dtuigfidh tú go dtí go gcuirfidh tú cos i bPríomhchathair na Cinniúna tú féin. Má cheapann tú go bhfuil mé ag imeacht rud beag as mo mheabhair; nílim. Níl ann ach go bhfuil mé i saol eile.

Tá mé ag smaoineamh ar bhóthar a bhualadh as Salvador amárach, ach i
ndáiríre níl a fhios ach ag an gcinniúint an mbeidh mé ag fágáil na cathrach amárach nó nach mbeidh. Seans nach bhfuil Iansã, nó duine de na Orixás eile, críochnaithe liom go fóill.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Níl An Plainéad Seo Uaigneach tag:travellerspoint.com,2006-12-12:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=13&entryid=34363 2006-12-12T12:04:10Z 2006-12-12T12:04:10Z (Bhí an t-alt seo i gcló i bhFoinse cheana ach tá mé á chur suas anseo freisin toisc go mbaineann an méad seo go dlúth leis an mbealach ina bhfuil mé ag tabhairt faoi m'aistear tríd an mBrasaíl.) An mhaidin sular fhág mé go dtí an Bhrasaíl bhí comhrá fada agam le Breandán Ó hEaghra faoi mo phlean na treoirleabhair ar fad a fhágáil sa bhaile agus mé ag dul ag taisteal sa Bhrasaíl ar feadh (nach mór) trí mhí. ... (Bhí an t-alt seo i gcló i bhFoinse cheana ach tá mé á chur suas anseo freisin toisc go mbaineann an méad seo go dlúth leis an mbealach ina bhfuil mé ag tabhairt faoi m'aistear tríd an mBrasaíl.)

An mhaidin sular fhág mé go dtí an Bhrasaíl bhí comhrá fada agam le Breandán Ó hEaghra faoi mo phlean na treoirleabhair ar fad a fhágáil sa bhaile agus mé ag dul ag taisteal sa Bhrasaíl ar feadh (nach mór) trí mhí. Bhí mé féin go mór idir dhá chomhairle faoin bplean go fóill, agus ba bheag nár éirigh le Breandán m'intinn a athrú. Bhí sé ag moladh go dtabharfainn liom an treoirleabhar, agus nach n-osclóinn é. Ach tá aithne níos fearr ná sin agam orm féin: ní duine mé atá in ann chuig cathú.

Mar sin, d'imigh mé liom agus d'fhág mé an Lonely Planet agus an Rough Guide ar an tseilf. Bhí mo mhála droime níos éadroime dá bharr, ach ní raibh ansin ach an chúis ba lú gur theastaigh uaim na treoirleabhair a fhágáil sa bhaile. An chúis is mó ná seo:

Is fuath liom an Lonely Planet.

DSCF0838.JPG
Ní ligfeadh an Lonely Planet dom dul anseo, mar shampla.

Sin é. Tá sé ráite agam. Smaoineamh maith a bhí sa Lonely Planet (agus sa Rough Guide, agus i chuile threoirleabhar eile a chóipeáil iad ó shin) i dtús ama. D'aimsigh siad margadh taistealaithe nua: lucht na málaí droma. Ach, a bhuíochas leis an Lonely Planet (agus amach anseo, nuair a deirim Lonely Planet, tá chuile threoirleabhar eile i gceist agam chomh maith) tá na háiteanna a bhíodh uaigneach tráth ag cur thar maoil le málaí droma anois.
Admhaím é. Tá neart treoirleabhair de chuid an Lonely Planet ar mo sheilfeanna leabhar. Admhaím gur bealach maith iad le haithne sciobtha a chur ar áit agus do bhealach a dhéanamh timpeall ann. Ach ní chuirfidh tú aithne cheart ar an áit a bhfuil tú ag dul, agus is mó an seans go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine eile atá ag taisteal le mála droime ná ar mhuintir na háite.
Cén fáth? Nuair a bhíonn duine ag taisteal leis an Lonely Planet, leanfaidh sé treoir an leabhair in ionad treoir a shróin féin, agus dá bharr sin beidh sé ag siúl sna coiscéimeanna doimhne atá gearrtha amach sa chosán turasóireachta atá cruthaithe ag an treoirleabhar. Sampla beag. Dá mbeadh duine ag dul go dtí an Bhrasaíl leis an Lonely Planet ina mhála droime, ghabhfadh sé go Rio, Salvador, Iguaçu, Jericoacoara, agus seans an Amazóin. I Rio, d'fhanfadh sé in óstán nó brú óige a mhol an leabhar. Rachfadh sé ag ithe i mbialann a mhol an leabhar. D'ólfadh sé deoch san áit a ndéarfadh an Lonely Planet go raibh sé 'cool' deoch a ól. Agus ní bhacfadh sé le háit ar bith eile. Thug mé féin faoi deara, nuair a thaistil mé tríd an mBrasaíl (nó áiteanna eile) leis an Lonely Planet roimhe seo, go n-éireoinn beagáinín ró-ghafa leis an leabhar, agus go RAIBH orm dul chuig a leithéid de bhialann nó a leithéid de phub toisc go raibh sé molta ag an leabhar.

Ach éiríonn cúrsaí níos measa. Ní amháin go n-insíonn an Lonely Planet duit cá háit a ba cheart duit dul, insíonn an Lonely Planet duit cá háit nár cheart duit dul chomh maith. Ní ligeann an Lonely Planet cead duit sráideanna Rio a shiúl leat féin san oíche (Craiceáilte, rinne mé sin go minic. Níl ann ach go gcaithfeadh tú a bheith cúramach nach siúlann tú isteach i favela.) Ní mholann an Lonely Planet duit dul go ceantar Luz i São Paulo. (Tá an ceantar go breá, rud beag leamh, ach comh sábháilte le ceantar ar bith eile.) Cuireann an Lonely Planet fainic ort faoi áit amháin, faitíos roimh áit eile, agus sa deireadh, bíonn eagla ort chuile uair a bhaineann tú cathair nua amach. Go dtí go bhfaigheann tú amach, arís eile, go raibh an treoirleabhar ag dul thar fóir agus go bhfuil stíl scríbhneoireachta na dtreoirleabhar dírithe ar chailíní óga fionna nár chuir cos thar teorainn Kansas riamh (gabh mo leithscéal, Dorothy.)

Agus tugann sé sin chuig phointe eile mé, an pointe is tábhachtaí, b'fhéidir. Má thaistealaíonn tú le treoirleabhar de chuid an Lonely Planet / Rough Guide / Let's Go i do ghlac, bíodh a fhios agat go bhfuil tú ag breathnú ar an saol tríd spéaclóirí Astrálacha / Sasanacha / Meiriceánacha. Ar ndóigh, tá sé sin togha má tá tú ag taisteal go dtí an Astráil, go Sasana nó go Meiriceá. Ach tá fadhb mhór agam leis sin agus mé ag taisteal in áit éigin eile. Níl mé ag iarraidh breathnú ar an mBrasaíl le dearcadh Angla-Mheiriceánach, go raibh maith agat.

Bhuel, tá an íde béil thart. Cén chaoi a bhfuil ag éirí liom mar sin? Ar mhothaigh mé an Lonely Planet uaim? An ndeachaigh mé isteach chuig siopaí leabhar chun sracfhéachaint sciobtha a chaitheamh ina cuid leathanaigh? Ar bhreathnaigh mé ar an suíomh idirlín?
Níor mhothaigh, ní dheachaigh, agus níor bhreathnaigh, agus tá mé ag baint níos mó sult as an aistear seo ná as aistear ar bith a chur mé díom riamh. Níl mé faoi bhrú dul ag breathnú ar áit faoi leith mar gheall go bhfuil an treoirleabhar á rá liom; níl orm ithe san áit is 'cool' ina bhfuil na hippie backpackers eile ar fad ag ithe, (tá cead agam bia a ithe ar an tsráid, rud faoina mbeadh an leabhar in amhras go mór!), téim chuig áiteanna nach bhfuil luaite sa leabhar ar chor ar bith. Tá mé ag déanamh, mar a déarfadh Seosamh Mac Grianna, mo bhealach féin.
An bhfuil eagla orm? Níl níos mó. Bhí, rud beag, ag an tús. Anois is cuma liom léimt isteach i mbus gan fhios cinnte cá bhfuil mé chun dul amach as arís agus gan lóistín ar bith a bheith socraithe. Cuirim ceist ar dhuine éigin nuair a shroichim ceann scríbe, agus tá mé ag sábháil airgid, toisc go gcuireann siad chuig na háiteanna leis an margadh is fearr san áit is fearr mé. Sáraíonn eolas áitiúil treoirleabhar ar bith. Agus níl an plainéad seo uaigneach gan an treoirleabhar ach an oiread - is ea is lú airde a thugann tú ar an leabhar, is ea is mó den tírdhreach agus de mhuintir na háite a fheicfeas tú.

Nóta: Is é rogha pearsanta an údair taisteal gan treoirleabhar, ach tá chuile thaistealaí freagrach as a chuid cinnidh féin. Níl aon rud ag an údar i gcoinne údair an Lonely Planet ach an oiread, ach is féidir leis déanamh dá n-uireasa.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
An Méad A Tharla Go Dtí Seo tag:travellerspoint.com,2006-12-04:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=11&entryid=33373 2006-12-04T23:29:04Z 2006-12-04T23:22:46Z Tá sé in am agam 'Go raibh maith agat' a rá leis na daoine ar fad atá ag léamh an bhlog seo: chomh fada is atá mé in ann a dhéanamh amach, tá thart ar 200 duine ag breathnú ar an mblog seo chuile sheachtain. Agus is iontach liom go bhfuil daoine atá ag réiteach don Ardteist ag baint úsáide as an mblog seo mar áis (féach an teachtaireacht ag bun an ailt Ag Surfáil Ar An Tolg) Más rud ... Tá sé in am agam 'Go raibh maith agat' a rá leis na daoine ar fad atá ag léamh an bhlog seo: chomh fada is atá mé in ann a dhéanamh amach, tá thart ar 200 duine ag breathnú ar an mblog seo chuile sheachtain. Agus is iontach liom go bhfuil daoine atá ag réiteach don Ardteist ag baint úsáide as an mblog seo mar áis (féach an teachtaireacht ag bun an ailt Ag Surfáil Ar An Tolg)

Más rud é nach bhfuil tú ach i ndiaidh teacht ar an mblog seo le gairid, seo an méad a tharla go dtí seo:

Is féidir leat an léarscáil seo a mhéadú agus a bhogadh leis an uirlis atá sa chúinne (sa tSibéir)

Níl ach trí seachtaine go leith caite ó thosaigh mé m'aistear tríd an mBrasaíl, ach mothaíonn sé ar nós go bhfuil bliain caite. Má theastaíonn uait fáil amach cén fáth sa diabhal a bhfuil Léigh Ar Mo T-Léine É mar theideal ar an mblog seo, léigh an chéad alt, Baby, Baby (gheobhaidh tú sa chartlann é faoi Archives ar dheis.) Má cheapann tú go bhfuil mo chuid tuairiscí as an mBrasaíl ró-dhearfach, léigh 1 Pictiúr = 1,000 Focal (an t-alt is mó a léigh daoine ar an mblog seo, os cionn 600 duine.) Má theastaíonn uait fáil amach cén chaoi a bhfuil mé ag cur aithne ar mhuintir na háite, léigh Ag Surfáil Ar An Tolg.

DSCF0767.JPG
An maith leat an dath atá orn?

Beidh mé ar an mbóthar go dtí deireadh Mhí Eanáir, agus déanfaidh mé iarracht an blog seo a choinneáil suas chun dáta ar a laghad dhá uair sa tseachtain. Uaireanta bíonn sé níos éasca teacht ar an idirlíon ná uaireanta eile!

Má theastaíonn uait teachtaireacht a fhágáil dom, is féidir sin a dhéanamh ach brú ar an nasc comments ag bun gach ailt. Caithfidh tú leasainm a chlárú le travellerspoint.com, ach tá sé saor in aisce agus is suíomh úsáideach é.

Abraços!
Alex

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Ag Surfáil ar an Tolg tag:travellerspoint.com,2006-11-29:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=10&entryid=32914 2006-11-30T15:11:26Z 2006-11-29T12:46:34Z Is breá liom rialacha a bhriseadh. An cuimhin leat an ceann seo: "Ná gabh abhaile le stráinséirí!"? An ceann sin ach go háirithe. A bhuíochas leis an suíomh iontach www.couchsurfing.com tá duine in ann teacht ar leaba (nó tolg) saor in aisce don oíche ar fud an domhain. Ach tá i bhfad níos mó ar fáil ná tolg saor in aisce: eolas áitiúil, comhrá spreagúil, agus cairde nua. [i]Pédro, a bhfuil tolg ar dóigh aige in Vila Velha má ... Is breá liom rialacha a bhriseadh. An cuimhin leat an ceann seo: "Ná gabh abhaile le stráinséirí!"? An ceann sin ach go háirithe.

A bhuíochas leis an suíomh iontach www.couchsurfing.com tá duine in ann teacht ar leaba (nó tolg) saor in aisce don oíche ar fud an domhain. Ach tá i bhfad níos mó ar fáil ná tolg saor in aisce: eolas áitiúil, comhrá spreagúil, agus cairde nua.

DSCF0773.JPG

Pédro, a bhfuil tolg ar dóigh aige in Vila Velha má bhíonn ceann ag teastáil uait.

Arú aréir agus an oíche roimhe, d'fhan mé ar tholg Pédro Felipe Alves Malta Costa in Vila Velha, in Espirito Santo (agus bhí a tholg chomh fada lena ainm.)
Ar ndóigh, tá sé nádúrtha go mbeadh rud beag faitís ar dhuine riail uimhir a haon a mhúin do mháthair duit "Ná gabh abhaile le stráinséirí!" a bhriseadh. Agus riail uimhir a dó chomh maith ar ndóigh: "Ná scaoil isteach stráinséar i do theach!" Dá bharr sin, bíonn cupán caifé agat leis an duine a aimsíonn tú ar an suíomh ar dtús.
Tháinig Pédro go dtí an t-ostán ina raibh mé ag fanacht le beirt chara leis, agus dhá nóiméad níos déanaí bhí muid ar ár mbealach go cleachtadh scoil samba ar an taobh eile de Vila Velha, agus bhí cara nua agam.

An aidhm atá ag bunaitheoirí www.couchsurfing.com ná ballaí a bhriseadh síos - ballaí idir tíortha, idir daoine. Ballaí de chlocha faitís agus de mhórtar eagla. Ó bunaíodh an suíomh trí bliana ó shin, tá os cionn 130,000 duine ar fud an domhain tar éis clárú leis, agus maíonn an suíomh gur cruthaíodh 44,000 cairdis nua eatarthu: daoine a chuir aithne a chéile tríd an suíomh agus a shurfáil ar tholg a chéile.

An bhfuil sé seo sábháilte? Cosúil le chuile shórt eile, téim i múinín na mothúchán i mo bholg nuair atá mé ag surfáil ar tholg. Shurfáil mé dhá tholg go dtí seo, tolg Gonçalo Pires i Santos agus tolg Pédro i Vila Velha. I São Paulo, bhí lá iontach agam ag ól caifé, ag ithe uachtar reoite agus ag breathnú ar ealaín chomhaimseartha le Cintia, duine de chomhbhunaitheoirí www.couchsurfing.com, a raibh uirthi bogadh isteach lena máthair arís agus nach raibh a tolg ar fáil dá bharr. Bhí na laethanta a chaith mé leis an triúr acu ar na laethanta is fearr go fóill de m'aistear sa Bhrasaíl, toisc go raibh mé i gcuideachta dhaoine áitiúla, ag déanamh rudaí a dhéanann muintir na háite, agus tuiscint i bhfad níos fearr á fháil agam ar an tír chraiceáilte seo ná mar a gheobhfainn dá leanfainn cosán na dturasóirí.

Só, an BHFUIL sé sábháilte? An féidir leat muinín a bheith agat as stráinséar? D'fhág Gonçalo eochair agam dá árasán i Santos fad is a d'fhan seisean ag teach a chailínchara nua (a bhfuil sé briste suas leí ó shin) ar an taobh eile den chathair. Tá nós ag Pédro doras a árasáin a fhágáil oscailte ar feadh na hoíche. I ndiaidh na cuairte ar an scoil samba rinne muid cáca seacláide i lár na hoíche agus mhalartaigh muid scéalta, eachtraí, agus dearcaí saoil. An bhfuil muinín agam as na daoine seo? Leoga, cairde don saol is ea iad. Tá leithéid www.couchsurfing.com sa domhan scanraithe seo ina gceapann chuile dhuine gur sceimhlitheoir nó robálaí atá i chuile stráinséar. Anois, agus an píosa seo léite agat, cláraigh ar www.couchsurfing.com agus tosaigh ag surfáil ar thoilg thú féin!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Turas Traenach tag:travellerspoint.com,2006-11-26:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=8&entryid=32644 2006-11-26T23:09:13Z 2006-11-26T23:09:13Z 664km, 16 charráistí, 1,700 duine, 13,5 uaire an chloig. Chuir mé aistear díom inné nach ndéanfaidh mé dearmad air ar feadh mo shaoil ar fad. Tharla an iomarca rudaí le linn an turais traenach ó Belo Horizonte, i sléibhte Minas Gerais, go dtí Vitória, ar chósta an Atlantaigh in Espirito Santo, le cur síos a dhéanamh orthu i gceart anseo, ach beidh cuid acu le léamh ar Na Ceithre hAirde i bhFoinse an tSathairn seo chugainn. Ach le tu ... DSCF0765.JPG

664km, 16 charráistí, 1,700 duine, 13,5 uaire an chloig.

Chuir mé aistear díom inné nach ndéanfaidh mé dearmad air ar feadh mo shaoil ar fad. Tharla an iomarca rudaí le linn an turais traenach ó Belo Horizonte, i sléibhte Minas Gerais, go dtí Vitória, ar chósta an Atlantaigh in Espirito Santo, le cur síos a dhéanamh orthu i gceart anseo, ach beidh cuid acu le léamh ar Na Ceithre hAirde i bhFoinse an tSathairn seo chugainn.

Ach le tuairim a thabhairt duit faoin gcineál aistir a bhí ann: samhlaigh traein atá chomh fada sin (16 charráistí agus inneall ollmhór roimhe) go bhfuil tú in ann an cloigeann agus an ruball le feiceáil ag an aon ám amháin; traein atá in ann 1,700 duine a iompar; traein nach bhfuil in ann dul níos sciobtha ná 80km/su... agus beidh cineál tuairim agat faoin gcineál aistir.

Chaith mé 13,5 uaire an chloig i mo shuí nó i mo sheasamh ar an mbalcón le mo chloigeann sáite amach as an bhfuinneog sa ghaoth agus sa ghrian, ag féachaint ar an tírdhreach ag sleamhnú thart, na sléibhte, na tailte méithe, an Rio Doce, atá donnrua i láthair na huaire mar gheall ar an méad cré a chuir an bháisteach san uisce, agus ar na bailte beaga agus na daoine. Faoi dheireadh an lae bhí mé clúdaithe le hallas, dusta, agus le spotaí beaga airgid ón iarann ar fad a iompraítear ar an líne thraenach seo, ar leis an Companhia Vale Do Rio Doce é, ceann de na comhlachtaí déanta stáin is mó ar domhan.

Mar a dúirt mé, níl ansin ach tús an scéil. Beidh an chuid eile le léamh ar Na Ceithre hAirde ar Foinse Dé Sathairn.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Ór Dubh tag:travellerspoint.com,2006-11-24:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=7&entryid=32377 2006-11-24T23:55:47Z 2006-11-24T23:55:47Z Bhí na Portaingéiligh rud beag gann ar shamhlaíocht nuair a cheap siad logainmneacha an taoibh tíre ina bhfuilim faoi láthair: thug siad Minas Gerais (Mianacha Ginearálta) ar an stát, agus Ouro Preto (Ór Dubh) agus Ouro Branco (Ór Bán) ar chuid de na cathracha a bunaíodh ann. Ach, déanann na logainmneacha beart de réir a mbriathar: bhí (agus tá) sléibhte Minas Gerais lán go béal le hór, airgead, gual, iarainn, agus rud ar bith eile a bheadh ag ... Bhí na Portaingéiligh rud beag gann ar shamhlaíocht nuair a cheap siad logainmneacha an taoibh tíre ina bhfuilim faoi láthair: thug siad Minas Gerais (Mianacha Ginearálta) ar an stát, agus Ouro Preto (Ór Dubh) agus Ouro Branco (Ór Bán) ar chuid de na cathracha a bunaíodh ann. Ach, déanann na logainmneacha beart de réir a mbriathar: bhí (agus tá) sléibhte Minas Gerais lán go béal le hór, airgead, gual, iarainn, agus rud ar bith eile a bheadh ag teastáil uait chun ollmhargadh mianraí a thosú.

DSCF0760.JPG

Séipéal, agus carraig aisteach.

Sa 18ú hAois a bunaíodh Ouro Preto, an chathair ar thug mé cuairt uirthi inniu. Chuirfeadh an chathair Cill Chainnigh nó Gaillimh i lár an tsamhraidh i gcuimhne duit, turasóirí (Brasaíligh an chuid is mó acu) ag siúl na sráideanna cúnga, cama, ag siúl ó sheoideoir go seoideoir. Ba bheag nár tháinig fiabhras óir orm féin, ach dhiúltaigh mé don chathú.

Ach an rud is áille ar fad faoi Ouro Preto ná na sléibhte atá timpeall air. Tá mé chun úsáid a bhaint as aidiacht thar a bheith theibí: rúndiamhrach. Samhlaigh sléibhte Thír Chonaill, timpeall ar Ghleann Bheatha, ach iad níos airde, cuid acu clúdaithe le crainn tropaiceacha, cuid eile maol agus maorga agus ag déanamh bolg-le-gréin leis an ngrian neamhthrócaireach. Agus ansin, ó am go chéile, rud éigin a insíonn duit go bhfuil tú i Meiriceá Theas: sliabh le beann ar nós an chinn atá le feiceáil os cionn an tséipéil sa phictiúr thuas.

Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Graffiti tag:travellerspoint.com,2006-11-23:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=6&entryid=32276 2006-11-23T17:45:00Z 2006-11-23T17:45:00Z Nuair a bhí Café Bananaphoblacht fós agam ar Shráid Dhoiminic, cuireadh graffiti ar thaobh an chaifé ar a laghad uair gach dhá mhí. Bhí mise i gcónaí ag iarraidh ealaíontóir graffiti óg a aimsiú a dhéanfadh píosa ealaíne ceart dom ar thaobh an fhoirgnimh, ach ní raibh na comharsana béal dorais ag iarraidh go ndéanfainn a leithéid (nach mise a bhí dúr ceist a chur orthu!) Ealaíon graffiti i gceantar Liberdade, i São Paulo Tá dearcadh difriúil amach is amach ar ... Nuair a bhí Café Bananaphoblacht fós agam ar Shráid Dhoiminic, cuireadh graffiti ar thaobh an chaifé ar a laghad uair gach dhá mhí. Bhí mise i gcónaí ag iarraidh ealaíontóir graffiti óg a aimsiú a dhéanfadh píosa ealaíne ceart dom ar thaobh an fhoirgnimh, ach ní raibh na comharsana béal dorais ag iarraidh go ndéanfainn a leithéid (nach mise a bhí dúr ceist a chur orthu!)

Graffiti.JPG

Ealaíon graffiti i gceantar Liberdade, i São Paulo

Tá dearcadh difriúil amach is amach ar graffiti sa Bhrasaíl. Tá chuile fhoirgneamh oifige clúdaithe leis, go mórmhór sna cathracha móra. Cineál fásach coincréide a bhíonn sna cathracha móra Brasaíleacha (São Paulo agus Belo Horizonte, an áit a bhfuil mé faoi láthair, ach go háirithe.) Dá bharr sin, cuireann an graffiti le tírdhreach na cathrach, agus is minic gurb iad strus shaol na cathrach agus an tranglam tráchta féin atá mar inspioráid ag na healaíontóirí graffiti, a íoctar go minic as a saothar. Bíonn meas ag ealaíontóirí graffiti ar shaothar a chéile freisin, dá bharr sin is smaoineamh maith é píosa graffiti a choimisiúnú ionas nach gclúdófar do bhalla le graffiti de chineál eile... pixação.

Chomh álainn is atá graffiti ealaíonta na Brasaíle, tá a mhalairt ar fad ar fáil chomh maith. Tá an leath de na foirgnimh nach bhfuil clúdaithe le graffiti ealaíonta clúdaithe le pixação - litreacha móra dubha gránna a chuirfeadh na aibitir na ndraoithe Lochlainneacha i gcuimhne duit.
Níl meas ar bith ar na pixadores sa Bhrasaíl, ach deir siad féin (chonaic mé clár fáisnéise fúthu) go ndéanann siad é toisc go bhfuil sé saor (tá péint dhaite, cheart an-daor; úsáideann na pixadores péint bhaile-dhéanta de rubair dóite.) Go minic, cuireann na pixadores a mbeatha i mbaol agus iad i mbun oibre. Bíonn siad ag tabhairt dúshlán a chéile ag dreapadh ar dhíonta na bhfoirgneamh arda, ag cur an pixação in áiteanna nach gcreidfeá a thiocfadh le duine a bhaint amach.

(Níor éirigh liom grianghraf le pixação a uaslódáil go fóill ach cuirfidh mé ceann suas chomh luath agus is féidir.)

Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi!

Is féidir teachtaireacht a fhágáil dom ach cliceáil ar an nasc 'leave commment'.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
An Chaoi Ar Éirigh Neamh Leamh tag:travellerspoint.com,2006-11-18:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=5&entryid=31618 2006-11-18T21:19:12Z 2006-11-18T11:27:02Z Trá Bonete, le canoa (canú) traidisiúnta. Creid é nó ná creid, ach sa stát céanna agus an tríú cathair is mó ar domhain, São Paulo, tá baile beag bídeach atá chomh scoite amach sin ón saol nach féidir dul ann ach de shiúl na gcos (thar chosán contúirteach tríd an dufar ar a bhfuil nathracha nimhe, I might add, turas 4 uaire an chloig agus tú ag déanamh deifir) nó i mbád beag. Tá Bonete (250 duine) suite ar chósta ... DSCF0705.JPG

Trá Bonete, le canoa (canú) traidisiúnta.

Creid é nó ná creid, ach sa stát céanna agus an tríú cathair is mó ar domhain, São Paulo, tá baile beag bídeach atá chomh scoite amach sin ón saol nach féidir dul ann ach de shiúl na gcos (thar chosán contúirteach tríd an dufar ar a bhfuil nathracha nimhe, I might add, turas 4 uaire an chloig agus tú ag déanamh deifir) nó i mbád beag.
Bonete (250 duine) suite ar chósta theas oileán Ilhabela. Meascán fíoraisteach atá sa phobal: iascairí traidisiúnta timpeall leath na ndaoine atá ina gcónaí ann, daoine ó shliocht Indiach dúchasach a bhfuil fuil go leor foghlaeirí mara Eorpacha measctha trína gcuid fola (bhí Fernando, an fear a thug síob ar ais dom as Bonete ar maidin ina bháidín, ag maíomh as a sinsir Ollainneacha (go deimhin bhí súile fíorghorma aige agus craiceann geal.) An leath eile den phobal: surfistas, nó marcaigh toinne.

Chuaigh mé go Bonete ag cuartú suaimhnis, agus, bhuel, sin a fuair mé! Ar éigean gur féidir áit níos áille ar domhain a shamhlú. Ba aisteach cé chomh cosúil is a bhí leagan amach ghleann Bonete le leagan amach Ghleann Cholm Cille in iardheisceart Thír Chonaill - ach le crainn tropaiceacha, teas aisteach (35 gcéim inné) agus nathracha nimhe thuasluaite, ar ndóigh. Agus neart mioltóga freisin, ach tá a chuid mioltóga féin ag Tír Chonaill freisin ar nóigh.

Bhí an ceart ag foghlaeirí mara na staire agus ag surfistas an lae inniu. I mBonete, níl teacht ag an saol mór agus an strus a bhaineann leis ort. Níl fón póca ag duine ar bith, go deimhin níl aon leictreachas ann ach an oiread. Imíonn chuile dhuine a luí go breá luath, agus éiríonn siad le héirí na gréine, chun sult a bhaint as lá eile ar neamh.

Chaith mise lá ar neamh agus shocraigh mé imeacht liom faoi dheifir ansin. Chaith mé an lá sin ag snámh: san fharraige ar maidin, in eas fíoruisce sa tráthnóna, agus san fharraige arís san oíche. Ach cheana féin, bhí saol ciúin an ghleanna ghrianmhair ag éirí leamh. Mhothaigh mé, dá bhfanfainn lá eile ar i mBonete, go n-iompóinn i mo bicha preguiça ('ainmhí leisciúil', nó sloth i mBéarla.) Déarfainn gur tharla sé sin cheana, mar tá an mata atlântica, nó an fhoraois bháistí lena bhfuil 92% d'oileán Ilhabela clúdaithe, lán bichas preguiças.

Má thaitníonn an blog seo leat abair le do chairde faoi!

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
1 Pictiúr = 1,000 Focal tag:travellerspoint.com,2006-11-12:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=4&entryid=31067 2006-11-12T13:13:05Z 2006-11-12T13:13:05Z Tá sé curtha i mo leith uair nó dhó ag comh-iriseoirí de mo chuid go bhfuil nós agam íomhá ró-dhearfach a phéinteáil den Bhrasaíl. B´fhéidir go ndéanaim - níl ann ach go bhfuil íomhá fíor-dhearfach agam féin den Bhrasaíl. Ach chun a chruthú nach bhfuil mé dall ar na lochtanna atá ar an tír seo, tá mé chun an grianghraf seo a chur suas ar an mblog. Mar a deir an sean-mhana iriseoireachta: is fiú míle focal ... Tá sé curtha i mo leith uair nó dhó ag comh-iriseoirí de mo chuid go bhfuil nós agam íomhá ró-dhearfach a phéinteáil den Bhrasaíl. B´fhéidir go ndéanaim - níl ann ach go bhfuil íomhá fíor-dhearfach agam féin den Bhrasaíl. Ach chun a chruthú nach bhfuil mé dall ar na lochtanna atá ar an tír seo, tá mé chun an grianghraf seo a chur suas ar an mblog. Mar a deir an sean-mhana iriseoireachta: is fiú míle focal pictiúr amháin.

Homemnarua.JPG

Ní hé an fear sráide atá ina luí ar an gcosán an rud is aistí sa phictiúr seo. Coinnigh ort ag léamh le fáil amach céard atá aisteach faoin bpictiúr seo.

Maidin inné, chuaigh mé ag siúl tríd cheantar an stáisiúin traenach Luz, ceantar a mbíodh drochcháil air ach atá ag feabhsú le roinnt blianta anuas. Ar an taobh ó thuaidh den stáisiún féin, chonaic mé dhá rud aisteach agus mé ag teacht timpeall an chúinne:

1. Fear sráide a bhí ina luí, leathmharbh, ar an gcosán. Bhí a ghéaga ag gobadh amach óna chorp ar bhealach amscaí. Bhí píosa aráin leath-ite ina luí in aice leis. Bhí cuilleoga ag timthriall os cionn an fhir.

2. Scuaine mhór mhillteanach daoine a bhí ag fanacht ar rud éigin. Bhí ruball na scuaine díreach in aice leis an bhfear sráide leathmharbh, ach ní raibh duine ar bith sa scuaine ag cur suim san fhear.

Thóg sé thart ar nóiméad orm m'intinn a dhéanamh suas faoi phictiúr a thógáil, ach bhuaigh an t-iriseoir ionam. Shiúil mé ar ais, thóg mé an pictiúr, agus d'imigh mé liom. Níor thug mé airgead ar bith don fhear, cé gur thóg mé a phictiúr.

Thiocfadh leat a rá go bhfuil sé sin fuarchúiseach agus crua. Ach céard faoin slua daoine (os cionn trí chéad) a bhí ina seasamh sa scuaine? Dá mbeadh airgead tugtha agam don fhear, bheadh drugaí ceannaithe aige leis. Chomh maith leis sin, dá dtabharfainn airgead don fhear seo, céard faoi na milliúin eile a mhaireann ar na sráideanna sa Bhrasaíl?

B'fhéidir gurb é mianach an iriseora é, ach níor chuir an eachtra as dom mórán. Chonaic mé íomhá, chonaic mé scéal. Ach bhí rud éigin aisteach faoin scéal. Ní hé an fear a bhí ina luí ar an gcosán an rud ab aistí faoin scéal - ba é an rud ba aistí faoin scéal ná cúis na scuaine. Ní ag fanacht le ticéidí traenach a bhí an trí chéad duine a bhí sa scuaine - bhí siad ag fanacht le dul isteach sa Museu da Lingua Portuguesa, Iarsmalann na Portaingéilise, atá lonnaithe sa stáisiún freisin Anois, sin dúthracht teanga duit.

Homemnarua.JPG

An rud is aistí faoin bpictiúr seo: Tá na daoine sa scuaine ag fanacht le dul isteach in Iarsmalann na Portaingéilise.

Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi.

Má theastaíonn uait teachtaireacht a fhágáil, tá nasc ag bun an ailt chun sin a dhéanamh.

Alex.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Faoin Talamh tag:travellerspoint.com,2006-11-11:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=2&entryid=30927 2006-11-11T11:57:05Z 2006-11-11T11:57:05Z Tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil aithne mhaith aige orm gur trainspotter de chineál atá ionam - rud ar bith ar rothaí (nó go deimhin ar muir nó san aer, go bunúsach rud ar bith a bhaineann le hiompar poiblí) is breá liom é. Creidim go láidir gur féidir sochaí chathair ar bith a mheas de réir an chórais iompair phoiblí atá aici. Underground Londain, Subway Nua Eabhraic, tramanna Amsterdam, El Chicago, Metro Phárais, Luas Bhaile Átha ... Tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil aithne mhaith aige orm gur trainspotter de chineál atá ionam - rud ar bith ar rothaí (nó go deimhin ar muir nó san aer, go bunúsach rud ar bith a bhaineann le hiompar poiblí) is breá liom é.
Creidim go láidir gur féidir sochaí chathair ar bith a mheas de réir an chórais iompair phoiblí atá aici. Underground Londain, Subway Nua Eabhraic, tramanna Amsterdam, El Chicago, Metro Phárais, Luas Bhaile Átha Cliath, Metro Washington DC, córais na Bruiséile, Glaschú, Rotterdam, tá siad uilig feicthe agam agus tuilleadh, ach sáraíonn córas São Paulo iad ar fad.

metro.jpg

Córas fobhealaigh São Paulo - ná bí buartha, beidh an chéad traein eile ag teacht i gceann nóiméid!

Cathair de 18 milliún duine atá i São Paulo, an tríú cathair is mó ar domhan. Os cionn na talún, tá tranglam tráchta ann de lá is d'oíche. Caitheann mangairí sráide ciorsúir ar a mbéal mar chosaint ar an toit. Ach tá cúrsaí difriúil thíos faoin talamh.
Tá córas metro São Paulo leagtha amach chomh cliste sin nach dtógann sé am ar bith dul ó bairro go bairro sa chathair mhór mhillteanach seo. Nuair a thagann tú as traein amháin, imíonn an chéad traein eile atá uait ón ardán díreach trasna ón ardán ag ar sheas an traein a raibh tú air. Agus bíonn an traein ann romhat! Agus muna bhfuil, beidh sí ann tar éis nóiméid amháin.

Rud eile a thaitníonn liom faoi metro São Paulo ná nach mbíonn leisce ar dhaoine breathnú sna súile ar a chéile. Ní fiosracht atá i gceist agam ach daonnacht - rud atá á chailleadh againne san 'Iarthar'.
Tá sé seo tugtha faoi deara agam le roinnt blianta anuas. Go bunúsach, ó 9/11. Ar tramanna Amsterdam ach go háirithe, ach chomh maith céanna ar Subway Nua Eabhraic nó fiú ar an Luas féin - seachnaíonn daoine súile a chéile, a bhuíochas leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
Níl baint ná páirt ag an mBrasaíl leis an gcogadh bradach sin. Má osclaíonn tú an nuachtán anseo, ní bhíonn na focail SCEIMHLITHEOIRÍ, MOSLAMAIGH agus IOSLÁM ag screadaíl ort ó na leathanaigh. (COIRIÚLACHT an focal a bhíonn ag screadaíl leat anseo.) (Mar a tharlaíonn, tá pobal Moslamach sa Bhrasaíl gan dabht, cuid mhór acu i São Paulo, cuid mhór eile i ndeisceart na tíre sa chathair Foz d'Iguaçú. Ach ní chuirtear sceimhlitheoireacht ina leith ar bun laethúil.)

Ach an rud is fearr faoi metro São Paulo: creid é nó ná creid, ach tá innill díolacháin ar na hardáin a dhíolann... leabhair! Saothar Nietzsche, Macchiavelli agus Kafka ina measc. Agus go leor Paulo Coelho, ar ndóigh.

Tá fáilte romhat teachtaireacht a fhágáil dom mar fhreagra ar rud ar bith atá scríofa sa bhlog seo - cliceáil ar an nasc faoin alt.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>
Baby, Baby tag:travellerspoint.com,2006-11-05:/blog/?domain=naceithrehairde&thisblog_entryid=1&entryid=30336 2006-11-06T09:47:37Z 2006-11-05T21:01:33Z Não sei, comigo vai tudo azul Contigo vai tudo em paz Vivemos na melhor cidade Da América do Sul Da América do Sul Você precisa Você precisa Não sei Leia na minha camisa Baby baby I love you * Níl a fhios agam, tá chuile shórt go breá liomsa Tá chuile shórt go réidh leatsa Tá muid inár gcónaí sa chathair is mó I Meiriceá Theas I Meiriceá Theas 'Séard a theastaíonn uaitse 'Séard a theastaíonn uaitse Níl a fhios agam Léigh ar mo T-léine é Baby baby I love you Is mar sin a chríochnaíonn 'Baby', ceann de na ... Não sei, comigo vai tudo azul
Contigo vai tudo em paz
Vivemos na melhor cidade
Da América do Sul
Da América do Sul

Você precisa
Você precisa
Não sei
Leia na minha camisa

Baby baby
I love you

Níl a fhios agam, tá chuile shórt go breá liomsa
Tá chuile shórt go réidh leatsa
Tá muid inár gcónaí sa chathair is mó
I Meiriceá Theas
I Meiriceá Theas

'Séard a theastaíonn uaitse
'Séard a theastaíonn uaitse
Níl a fhios agam
Léigh ar mo T-léine é

Baby baby
I love you

Is mar sin a chríochnaíonn 'Baby', ceann de na hamhráin Brasaíleacha is fearr dár cumadh riamh. An t-amhránaí Caetano Veloso a chum an ceol agus na focail, ach ba iad an grúpa siceadéalach Os Mutantes a bhain barr na gcairteanna amach leis.

Amhrán grá atá in 'Baby' - agus amhrán grá atá ann, ar bhealach, do São Paulo, áit a raibh cónaí ar Caetano Veloso nuair a scríobh sé an t-amhrán. Is é São Paulo an chathair is mó i Meiriceá Theas, an tríú cathair is mó ar domhan, agus, gan dabht ar bith, ceann de na cathracha is gránna ar domhan.

DSCF0400.JPG

Ach, cosúil le Caetano, thit mise i ngrá leis an gcathair craiceáilte, coincréide seo nuair a chuir mé cos ann don chéad uair. Thit mé i ngrá leis an mearbhall mór, an tranglam tráchta, an dufar daoine, le splancadh na soilse ar bharr na gcrann cumarsáide atá ar bharr na bhfoirgneamh spéire ar dhá thaobh an Avenida Paulista. Thit mé i ngrá leis an toirneach agus an bhaisteach gan choinne a dhéanann srutháin as na sráideanna. Thit mé i ngrá leis an radharc scáfar ón bhfoirgneamh is airde i Meiriceá Theas, an Edificio Itália - radharc ar chathair nach bhfuil a deireadh le feiceáil, ar thaobh ar bith. Cathair ghránna í, ach cathair cheart í. Mar a dúirt Marlene Dietrich: "Rio is a beauty. But São Paulo, São Paulo is a city." Níl mé ag dul ag argóint leí.

Sa chathair seo atá mé ag cur tús le mo chamchuairt 10 seachtainí ar an mBrasaíl. Níl ach tuairim fhánach agam cá dtabharfaidh m'aistear mé, ach beidh cur síos sna leathanaigh seo ar a bhfuil le feiceáil le taobh an bhóthair. Chomh maith leis sin, beidh tuairiscí ón mBrasaíl ar Na Ceithre hAirde in Foinse chuile Shatharn.

Abraços,
Alex.

Comment on this entry | Tweet this | Your own free travel blog | More Travellerspoint blogs

]]>