A Travellerspoint blog

Postcards

Bearradh Gruaige

SALVADOR

sunny 30 °C

An lá cheana, fuair mé an bearradh gruaige is fearr, agus is saoire, a fuair mé riamh i mo shaol. Sa Bhrasaíl, fásann mo chuid gruaige i bhfad níos sciobtha ná san Eoraip, agus bíonn orm dul chuig an ngruaigeadóir beagnach chuile trí sheachtainí.

D'iarr mé ar bhean chéile dheartháir Nilton, an couchsurfer a bhfuil mé ag fanacht ina theach, mé a thabhairt chuig gruaigeadóir. Thug sí chuig áit timpeall an chúinne mé, áit a raibh siopa gruaigeadóra ag fear óg gorm i mbosca garáiste. Taobh amuigh, bhí sean-charr, leis an stereo casta suas ard, ag feidhmiú mar chóras fuaime: Bob Marley a bhí ag casadh. Bhí scuaine réasúnta fada annç tháinig bean ón tábhairne béal dorais isteach ag tógáil orduithe do dheochanna agus do bhia, a thug sí isteach gan mórán moille.

Bhí an gruaigeadóir óg ag obair sách sciobtha, áfach, agus roimh i bhfad bhí mé i mo shuí sa chathaoir. Faoin am sin, bhí rud beag faitís orm: roimh an lann rasúir láimhe a bhí in úsáid aige i ndiaidh an rasúir leictreach ach go háirithe. Ach chuaigh gach rud go maith. In ainneoin Bob Marley a bheith ár mbodhrú, d'éirigh liom a mhíniú dó i mo chuid drochPhortaingéilise cad é a theastaigh uaim a dhéanamh le mo chuid gruaige, agus thuig sé mé. Bhí sé ag déanamh iontais de mo chuid gruaige, nach raibh catach - ba mhise an chéad duine geal ar ghearr sé a chuid gruaige riamh. Bhí an bearradh gruaige go breá, ach an rud is fearr: níor ghearr sé orm ach 3 reais, .i. Euro amháin!

Posted by Alex-H 19.12.2006 6:01 AM Archived in Postcards | Brazil Comments (0)

Príomhchathair na Cinniúna

SALVADOR DA BAHIA DE TODOS OS SANTOS

35 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Níl focail ann chun cur síos a dhéanamh ar Salvador da Bahia de Todos os Santos. Is dócha gurb shin an fáth a bhfuil oiread sin focail sa logainm féin. Tá an chathair seo ar cheann den dornán beag cathracha sin ar domhan a bhfuil a fhios acu go bhfuil draíocht ar leith acu. Samhlaigh an draíocht atá ag Cathair na Gaillimhe sa samhradh agus méadaigh í fá 10, agus cuimhnigh air go bhfuil sé ina shamhradh i mBahia i gcónaí - níl aon séasúir anseo.

DSCF0829.JPG
Príomhchathair na Cinniúna

Seachtain ó shin a thug an ghaoth isteach go Salvador mé trasna Chuan na Naomh Uile, agus ní raibh mé in ann an chathair a fhágáil ó shin. D'fhéadfadh sé gurb iad camshráideanna cúnga na cathrach atá i gceist, gréasán bealaí, bóithe, droichid agus fobhailte nach bhfuil deireadh ná ciall ná réasún leis, nó d'fhéadfadh sé go bhfuil fórsaí níos cumhachtaí i mbun oibre.

De réir Bruno, deartháir Nilton, fear ar chuir mé aithne air tríd www.couchsurfing.com (féach an t-alt Ag Surfáil Ar An Tolg sa bhlog seo) níorbh í an ghaoth go díreach a thug isteach trasna an chuain mé ach Iansã, Orixá ((ban)dia)na tine agus na gaoithe i gcreideamh Bahia - Candomblé.
Is Pai-de-Santo (Athair Naoimh) sa chreideamh Candomblé é Bruno. Le scéal fada a dhéanamh gairid, is meascán idir creidimh Afraiceacha éagsúla agus rúinne beag Caitliceachais atá i gCandomblé, atá gaolta le Voodoo New Orleans agus Santería Cúba, mar shampla.
Ní amháin go bhfuil Iansã, Orixá na tine agus na gaoithe freagrach as na heilimintí sin, tá codanna eile den chinniúint faoina cúram freisin. Déanann sí cinnte go gcasann daoine ar na daoine a gcaithfidh siad casadh leo sa saol.

Tá mé chun rún beag a scaoileadh. Tá mé ag obair ar úrscéal le hos cionn bliana a thosaíonn sa Bhrasaíl agus a chríochnaíonn in Éirinn - bunaithe ar scéalta an phobail Bhrasaíligh a tháinig go háiteanna ar nós Ros Comáin agus Gort Inse Guaire mar inimircigh. Tharla sé nach raibh pictiúr cruinn agam riamh de dhuine den bheirt phríomhcharachtar san úrscéal, ach casadh orm é sa bheo an lá a tháinig mé go Salvador. Tuigim go maith go bhfuil difear idir duine beo agus carachtar ficsin, ach bíonn chuile charachtar ficsin bunaithe ar dhuine, nó ar dhaoine, beo. Ach i gcás phríomhcharachtar m'úrscéalsa, bhí sé sin doiléir, agus bhí an carachtar rud beag lag dá bharr - go dtí gur casadh Nilton orm. Agus ní fhéadfadh sé gur comhtharlúint atá ann gur ghlaoigh mé Milton (le M) mar ainm baiste ar an gcarachtar ficsin - os cionn bliana ó shin.

Anuas air sin, theastaigh uaim labhairt le Pai-de-Santo ('sagart' Candomblé) le cuid mhaith ceisteanna faoin gcreideamh (atá lárnach sa leabhar) a chíoradh. De ghnáth, bheadh orm dul ar thuras do thurasóirí le cuairt a thabhairt ar theampall Candomblé, ní bhfaighfinn ach 5 nóiméad ar a mhéad chun ceisteanna a chur, agus d'íocfainn go leor airgid as. Ní fhéadfadh sé mar sin gur comhtharlúint atá ann gur Pai-de-Santo atá i ndeartháir Nilton, agus gur Pai-de-Santo de chuid Iansã é, an bandia a chintíonn go gcasann na cnoic ar a chéile.

Tá fuinneamh ag Salvador nach bhfuil i mórán áiteanna eile ar domhan. Fuinneamh na cinniúna atá ann agus is fuinneamh é atá tú in ann a mhothú go fisiciúil, agus is rud é sin nach dtuigfidh tú go dtí go gcuirfidh tú cos i bPríomhchathair na Cinniúna tú féin. Má cheapann tú go bhfuil mé ag imeacht rud beag as mo mheabhair; nílim. Níl ann ach go bhfuil mé i saol eile.

Tá mé ag smaoineamh ar bhóthar a bhualadh as Salvador amárach, ach i
ndáiríre níl a fhios ach ag an gcinniúint an mbeidh mé ag fágáil na cathrach amárach nó nach mbeidh. Seans nach bhfuil Iansã, nó duine de na Orixás eile, críochnaithe liom go fóill.

Posted by Alex-H 14.12.2006 6:08 AM Archived in Postcards | Brazil Comments (3)

Níl An Plainéad Seo Uaigneach

SALVADOR, BAHIA

overcast 30 °C

(Bhí an t-alt seo i gcló i bhFoinse cheana ach tá mé á chur suas anseo freisin toisc go mbaineann an méad seo go dlúth leis an mbealach ina bhfuil mé ag tabhairt faoi m'aistear tríd an mBrasaíl.)

An mhaidin sular fhág mé go dtí an Bhrasaíl bhí comhrá fada agam le Breandán Ó hEaghra faoi mo phlean na treoirleabhair ar fad a fhágáil sa bhaile agus mé ag dul ag taisteal sa Bhrasaíl ar feadh (nach mór) trí mhí. Bhí mé féin go mór idir dhá chomhairle faoin bplean go fóill, agus ba bheag nár éirigh le Breandán m'intinn a athrú. Bhí sé ag moladh go dtabharfainn liom an treoirleabhar, agus nach n-osclóinn é. Ach tá aithne níos fearr ná sin agam orm féin: ní duine mé atá in ann chuig cathú.

Mar sin, d'imigh mé liom agus d'fhág mé an Lonely Planet agus an Rough Guide ar an tseilf. Bhí mo mhála droime níos éadroime dá bharr, ach ní raibh ansin ach an chúis ba lú gur theastaigh uaim na treoirleabhair a fhágáil sa bhaile. An chúis is mó ná seo:

Is fuath liom an Lonely Planet.

DSCF0838.JPG
Ní ligfeadh an Lonely Planet dom dul anseo, mar shampla.

Sin é. Tá sé ráite agam. Smaoineamh maith a bhí sa Lonely Planet (agus sa Rough Guide, agus i chuile threoirleabhar eile a chóipeáil iad ó shin) i dtús ama. D'aimsigh siad margadh taistealaithe nua: lucht na málaí droma. Ach, a bhuíochas leis an Lonely Planet (agus amach anseo, nuair a deirim Lonely Planet, tá chuile threoirleabhar eile i gceist agam chomh maith) tá na háiteanna a bhíodh uaigneach tráth ag cur thar maoil le málaí droma anois.
Admhaím é. Tá neart treoirleabhair de chuid an Lonely Planet ar mo sheilfeanna leabhar. Admhaím gur bealach maith iad le haithne sciobtha a chur ar áit agus do bhealach a dhéanamh timpeall ann. Ach ní chuirfidh tú aithne cheart ar an áit a bhfuil tú ag dul, agus is mó an seans go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine eile atá ag taisteal le mála droime ná ar mhuintir na háite.
Cén fáth? Nuair a bhíonn duine ag taisteal leis an Lonely Planet, leanfaidh sé treoir an leabhair in ionad treoir a shróin féin, agus dá bharr sin beidh sé ag siúl sna coiscéimeanna doimhne atá gearrtha amach sa chosán turasóireachta atá cruthaithe ag an treoirleabhar. Sampla beag. Dá mbeadh duine ag dul go dtí an Bhrasaíl leis an Lonely Planet ina mhála droime, ghabhfadh sé go Rio, Salvador, Iguaçu, Jericoacoara, agus seans an Amazóin. I Rio, d'fhanfadh sé in óstán nó brú óige a mhol an leabhar. Rachfadh sé ag ithe i mbialann a mhol an leabhar. D'ólfadh sé deoch san áit a ndéarfadh an Lonely Planet go raibh sé 'cool' deoch a ól. Agus ní bhacfadh sé le háit ar bith eile. Thug mé féin faoi deara, nuair a thaistil mé tríd an mBrasaíl (nó áiteanna eile) leis an Lonely Planet roimhe seo, go n-éireoinn beagáinín ró-ghafa leis an leabhar, agus go RAIBH orm dul chuig a leithéid de bhialann nó a leithéid de phub toisc go raibh sé molta ag an leabhar.

Ach éiríonn cúrsaí níos measa. Ní amháin go n-insíonn an Lonely Planet duit cá háit a ba cheart duit dul, insíonn an Lonely Planet duit cá háit nár cheart duit dul chomh maith. Ní ligeann an Lonely Planet cead duit sráideanna Rio a shiúl leat féin san oíche (Craiceáilte, rinne mé sin go minic. Níl ann ach go gcaithfeadh tú a bheith cúramach nach siúlann tú isteach i favela.) Ní mholann an Lonely Planet duit dul go ceantar Luz i São Paulo. (Tá an ceantar go breá, rud beag leamh, ach comh sábháilte le ceantar ar bith eile.) Cuireann an Lonely Planet fainic ort faoi áit amháin, faitíos roimh áit eile, agus sa deireadh, bíonn eagla ort chuile uair a bhaineann tú cathair nua amach. Go dtí go bhfaigheann tú amach, arís eile, go raibh an treoirleabhar ag dul thar fóir agus go bhfuil stíl scríbhneoireachta na dtreoirleabhar dírithe ar chailíní óga fionna nár chuir cos thar teorainn Kansas riamh (gabh mo leithscéal, Dorothy.)

Agus tugann sé sin chuig phointe eile mé, an pointe is tábhachtaí, b'fhéidir. Má thaistealaíonn tú le treoirleabhar de chuid an Lonely Planet / Rough Guide / Let's Go i do ghlac, bíodh a fhios agat go bhfuil tú ag breathnú ar an saol tríd spéaclóirí Astrálacha / Sasanacha / Meiriceánacha. Ar ndóigh, tá sé sin togha má tá tú ag taisteal go dtí an Astráil, go Sasana nó go Meiriceá. Ach tá fadhb mhór agam leis sin agus mé ag taisteal in áit éigin eile. Níl mé ag iarraidh breathnú ar an mBrasaíl le dearcadh Angla-Mheiriceánach, go raibh maith agat.

Bhuel, tá an íde béil thart. Cén chaoi a bhfuil ag éirí liom mar sin? Ar mhothaigh mé an Lonely Planet uaim? An ndeachaigh mé isteach chuig siopaí leabhar chun sracfhéachaint sciobtha a chaitheamh ina cuid leathanaigh? Ar bhreathnaigh mé ar an suíomh idirlín?
Níor mhothaigh, ní dheachaigh, agus níor bhreathnaigh, agus tá mé ag baint níos mó sult as an aistear seo ná as aistear ar bith a chur mé díom riamh. Níl mé faoi bhrú dul ag breathnú ar áit faoi leith mar gheall go bhfuil an treoirleabhar á rá liom; níl orm ithe san áit is 'cool' ina bhfuil na hippie backpackers eile ar fad ag ithe, (tá cead agam bia a ithe ar an tsráid, rud faoina mbeadh an leabhar in amhras go mór!), téim chuig áiteanna nach bhfuil luaite sa leabhar ar chor ar bith. Tá mé ag déanamh, mar a déarfadh Seosamh Mac Grianna, mo bhealach féin.
An bhfuil eagla orm? Níl níos mó. Bhí, rud beag, ag an tús. Anois is cuma liom léimt isteach i mbus gan fhios cinnte cá bhfuil mé chun dul amach as arís agus gan lóistín ar bith a bheith socraithe. Cuirim ceist ar dhuine éigin nuair a shroichim ceann scríbe, agus tá mé ag sábháil airgid, toisc go gcuireann siad chuig na háiteanna leis an margadh is fearr san áit is fearr mé. Sáraíonn eolas áitiúil treoirleabhar ar bith. Agus níl an plainéad seo uaigneach gan an treoirleabhar ach an oiread - is ea is lú airde a thugann tú ar an leabhar, is ea is mó den tírdhreach agus de mhuintir na háite a fheicfeas tú.

Nóta: Is é rogha pearsanta an údair taisteal gan treoirleabhar, ach tá chuile thaistealaí freagrach as a chuid cinnidh féin. Níl aon rud ag an údar i gcoinne údair an Lonely Planet ach an oiread, ach is féidir leis déanamh dá n-uireasa.

Posted by Alex-H 12.12.2006 3:37 AM Archived in Postcards | Brazil Comments (0)

An Méad A Tharla Go Dtí Seo

EOLAS ÚSÁIDEACH DÓIBH SIÚD NACH BHFUIL AG LÉAMH AN BHLOG SEO ÓN TÚS

sunny 29 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Tá sé in am agam 'Go raibh maith agat' a rá leis na daoine ar fad atá ag léamh an bhlog seo: chomh fada is atá mé in ann a dhéanamh amach, tá thart ar 200 duine ag breathnú ar an mblog seo chuile sheachtain. Agus is iontach liom go bhfuil daoine atá ag réiteach don Ardteist ag baint úsáide as an mblog seo mar áis (féach an teachtaireacht ag bun an ailt Ag Surfáil Ar An Tolg)

Más rud é nach bhfuil tú ach i ndiaidh teacht ar an mblog seo le gairid, seo an méad a tharla go dtí seo:

Is féidir leat an léarscáil seo a mhéadú agus a bhogadh leis an uirlis atá sa chúinne (sa tSibéir)

Níl ach trí seachtaine go leith caite ó thosaigh mé m'aistear tríd an mBrasaíl, ach mothaíonn sé ar nós go bhfuil bliain caite. Má theastaíonn uait fáil amach cén fáth sa diabhal a bhfuil Léigh Ar Mo T-Léine É mar theideal ar an mblog seo, léigh an chéad alt, Baby, Baby (gheobhaidh tú sa chartlann é faoi Archives ar dheis.) Má cheapann tú go bhfuil mo chuid tuairiscí as an mBrasaíl ró-dhearfach, léigh 1 Pictiúr = 1,000 Focal (an t-alt is mó a léigh daoine ar an mblog seo, os cionn 600 duine.) Má theastaíonn uait fáil amach cén chaoi a bhfuil mé ag cur aithne ar mhuintir na háite, léigh Ag Surfáil Ar An Tolg.

DSCF0767.JPG
An maith leat an dath atá orn?

Beidh mé ar an mbóthar go dtí deireadh Mhí Eanáir, agus déanfaidh mé iarracht an blog seo a choinneáil suas chun dáta ar a laghad dhá uair sa tseachtain. Uaireanta bíonn sé níos éasca teacht ar an idirlíon ná uaireanta eile!

Má theastaíonn uait teachtaireacht a fhágáil dom, is féidir sin a dhéanamh ach brú ar an nasc comments ag bun gach ailt. Caithfidh tú leasainm a chlárú le travellerspoint.com, ach tá sé saor in aisce agus is suíomh úsáideach é.

Abraços!
Alex

Posted by Alex-H 03.12.2006 1:56 PM Archived in Postcards | Brazil Comments (3)

Turas Traenach

Ó BELO HORIZONTE GO VITÓRIA

sunny 28 °C

DSCF0765.JPG

664km, 16 charráistí, 1,700 duine, 13,5 uaire an chloig.

Chuir mé aistear díom inné nach ndéanfaidh mé dearmad air ar feadh mo shaoil ar fad. Tharla an iomarca rudaí le linn an turais traenach ó Belo Horizonte, i sléibhte Minas Gerais, go dtí Vitória, ar chósta an Atlantaigh in Espirito Santo, le cur síos a dhéanamh orthu i gceart anseo, ach beidh cuid acu le léamh ar Na Ceithre hAirde i bhFoinse an tSathairn seo chugainn.

Ach le tuairim a thabhairt duit faoin gcineál aistir a bhí ann: samhlaigh traein atá chomh fada sin (16 charráistí agus inneall ollmhór roimhe) go bhfuil tú in ann an cloigeann agus an ruball le feiceáil ag an aon ám amháin; traein atá in ann 1,700 duine a iompar; traein nach bhfuil in ann dul níos sciobtha ná 80km/su... agus beidh cineál tuairim agat faoin gcineál aistir.

Chaith mé 13,5 uaire an chloig i mo shuí nó i mo sheasamh ar an mbalcón le mo chloigeann sáite amach as an bhfuinneog sa ghaoth agus sa ghrian, ag féachaint ar an tírdhreach ag sleamhnú thart, na sléibhte, na tailte méithe, an Rio Doce, atá donnrua i láthair na huaire mar gheall ar an méad cré a chuir an bháisteach san uisce, agus ar na bailte beaga agus na daoine. Faoi dheireadh an lae bhí mé clúdaithe le hallas, dusta, agus le spotaí beaga airgid ón iarann ar fad a iompraítear ar an líne thraenach seo, ar leis an Companhia Vale Do Rio Doce é, ceann de na comhlachtaí déanta stáin is mó ar domhan.

Mar a dúirt mé, níl ansin ach tús an scéil. Beidh an chuid eile le léamh ar Na Ceithre hAirde ar Foinse Dé Sathairn.

Posted by Alex-H 2:55 PM Archived in Postcards | Brazil Comments (1)

(Entries 11 - 15 of 21) Previous « Page 1 2 [3] 4 5 » Next