Faoin Talamh
SÂO PAULO
11.11.2006
19 °C
Tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil aithne mhaith aige orm gur trainspotter de chineál atá ionam - rud ar bith ar rothaí (nó go deimhin ar muir nó san aer, go bunúsach rud ar bith a bhaineann le hiompar poiblí) is breá liom é.
Creidim go láidir gur féidir sochaí chathair ar bith a mheas de réir an chórais iompair phoiblí atá aici. Underground Londain, Subway Nua Eabhraic, tramanna Amsterdam, El Chicago, Metro Phárais, Luas Bhaile Átha Cliath, Metro Washington DC, córais na Bruiséile, Glaschú, Rotterdam, tá siad uilig feicthe agam agus tuilleadh, ach sáraíonn córas São Paulo iad ar fad.

Córas fobhealaigh São Paulo - ná bí buartha, beidh an chéad traein eile ag teacht i gceann nóiméid!
Cathair de 18 milliún duine atá i São Paulo, an tríú cathair is mó ar domhan. Os cionn na talún, tá tranglam tráchta ann de lá is d'oíche. Caitheann mangairí sráide ciorsúir ar a mbéal mar chosaint ar an toit. Ach tá cúrsaí difriúil thíos faoin talamh.
Tá córas metro São Paulo leagtha amach chomh cliste sin nach dtógann sé am ar bith dul ó bairro go bairro sa chathair mhór mhillteanach seo. Nuair a thagann tú as traein amháin, imíonn an chéad traein eile atá uait ón ardán díreach trasna ón ardán ag ar sheas an traein a raibh tú air. Agus bíonn an traein ann romhat! Agus muna bhfuil, beidh sí ann tar éis nóiméid amháin.
Rud eile a thaitníonn liom faoi metro São Paulo ná nach mbíonn leisce ar dhaoine breathnú sna súile ar a chéile. Ní fiosracht atá i gceist agam ach daonnacht - rud atá á chailleadh againne san 'Iarthar'.
Tá sé seo tugtha faoi deara agam le roinnt blianta anuas. Go bunúsach, ó 9/11. Ar tramanna Amsterdam ach go háirithe, ach chomh maith céanna ar Subway Nua Eabhraic nó fiú ar an Luas féin - seachnaíonn daoine súile a chéile, a bhuíochas leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
Níl baint ná páirt ag an mBrasaíl leis an gcogadh bradach sin. Má osclaíonn tú an nuachtán anseo, ní bhíonn na focail SCEIMHLITHEOIRÍ, MOSLAMAIGH agus IOSLÁM ag screadaíl ort ó na leathanaigh. (COIRIÚLACHT an focal a bhíonn ag screadaíl leat anseo.) (Mar a tharlaíonn, tá pobal Moslamach sa Bhrasaíl gan dabht, cuid mhór acu i São Paulo, cuid mhór eile i ndeisceart na tíre sa chathair Foz d'Iguaçú. Ach ní chuirtear sceimhlitheoireacht ina leith ar bun laethúil.)
Ach an rud is fearr faoi metro São Paulo: creid é nó ná creid, ach tá innill díolacháin ar na hardáin a dhíolann... leabhair! Saothar Nietzsche, Macchiavelli agus Kafka ina measc. Agus go leor Paulo Coelho, ar ndóigh.
Tá fáilte romhat teachtaireacht a fhágáil dom mar fhreagra ar rud ar bith atá scríofa sa bhlog seo - cliceáil ar an nasc faoin alt.
Posted by Alex-H 03:30 Archived in Postcards | Brazil Comments (1)





