A Travellerspoint blog

Feliz Ano Novo

FORTALEZA, CEARÁ

semi-overcast 29 °C

Bhí pictiúr iontach agam d'fhir oibre ag réiteach na dtinte ealaíne ar chaladh Fortaleza, díreach ar aghaidh ón bhrú óige ina bhfuil mé ag fanacht, ach ar chúis éigin níl mé in ann an pictiúr a uaslódáil chuig an mblog.

Mar sin féin, creid uaim go mbeidh sé ina chóisir ollmhór anseo anocht. Tinte ealaíne agus chuile dhuine gléasta in éadaí bána, ag damhsa ar an trá, ag fáiltiú roimh an mbliain úr.

Ar maidin, tá mé ag dul chuig trá ciúin, álainn, píosa beag amach as Fortaleza. Tiocfaidh mé ar ais tráthnóna don chraic ar an trá!

Níl fágtha ach trí sheachtainí agam sa Bhrasaíl. Coinneoidh mé orm leis an mblog seo go dtí an deireadh, ach anois díreach: Feliz Ano Novo, Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise, daoibh ar fad atá léamh seo!

Alex

Posted by Alex-H 04:19 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (0)

Dá mBeadh

FORTE ORANGE, PERNAMBUCO

overcast 29 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Dá mbeadh an domhan ina chlár cothrom, cén chaoi a mbeadh an saol?

Ceist den chineál céanna atá mé chun a chíoradh sa phíosa seo a leanas: iriseoireacht sa mhódh coinníollach más maith leat, ach ceist í nach féidir liom a sheachaint sa chuid seo den Bhrasaíl.

DSCF0931.JPG
Forte Orange, tógtha ag na hOllainnigh i 1631.

Sa Bhrasaíl, má deirim go bhfuil mé i mo chónaí in Éirinn, cuirtear ceisteanna orm ar nós "Oh, agus cén chaoi a bhfuil ag éirí libh i ndiaidh an tsunami?" (Tharla sé sin faoi dhó cheana.) Ach má deirim gur as an Ollainn mé, tá a fhios ag chuile dhuine cén tír faoina bhfuilim ag caint - toisc go mba bheag nach cóilíneacht Ollainneach a bhí sa Bhrasaíl, agus ní ceann Portaingéileach. Agus aisteach go leor, táthar ann sa Bhrasaíl a cheapann gur mór an trua nárbh amhlaidh a tharla.

Sa bhliain 1624 (ar éigean go raibh an Bhrasaíl 100 bliain d'aois) ghabh na hOllainnigh Salvador. Shaoraigh siad na sclábhaithe gorma agus chuir siad saoirse chreidimh i bhfeidhm. Tháinig borradh faoi eacnamaíocht na cathrach, ach bliain níos déanaí, ghabh na Portaingéiligh ar ais é le cúnamh ó na Spáinnigh. D'éirigh níos fearr le hiarracht Ollainneach eile i 1631, nuair a ghabh siad Recife agus ceantar Pernambuco ar fad. D'fhan siad i gcumhacht go dtí 1654, agus le linn an 23 bliana sin chruthaigh siad leagan eile don Bhrasaíl - leagan nár lean, ar ndóigh.

DSCF0892.JPG
An chéad Sineagóg (teampall Giúdach) i Mór-Roinn Mheiriceá, Thuaidh nó Theas, a bunaíodh i Recife (nó Mauritsstad) faoi réimeas na nÍsiltíreach, nuair a bhí saoirse chreidimh ann.

San Ísiltír, tá dearmad déanta ar stair na nOllainneach sa Bhrasaíl (is cuimhin liom cloisteáil faoi sa rang staire ar scoil agus iontas mór a bheith orm.) Sa Bhrasaíl, níl dearmad déanta. A mhalairt, tá an iriseoireacht sa mhódh coinníollach ina thionscal beag anseo agus intelligentsia na tíre ag cur na ceiste: dá mba rud é gur mar chóilíneacht Ísiltíreach a thosódh an Bhrasaíl, an mbeadh ag éirí níos fearr leis an tír anois?

Le linn mo thurais sa Bhrasaíl, tá mé ag léamh an leabhair "Van Dorth" leis an scríbhneoir Brazaíleach Aydano Roriz, leabhar atá bunaithe ar ghabháil Salvador ag na hOllainnigh i 1624 agus na hathruithe a chuir siad i bhfeidhm. An dara leabhar as sraith faoi eachtraí na nOllainneach ag an scríbhneoir seo. Tá leabhar eile díreach foilsithe dar teideal "Outros Brasis" ("Leaganacha Eile den Bhrasaíl") ina scrúdaítear céard a bheadh tarlaithe dá n-éireodh leis na hOllainnigh. Chomh maith leis sin, tá telenovela (sobaldhráma) stairiúil á thaifeadadh i bPernambuco i láthair na huaire faoi stair na nOllainneach ann. Ní féidir liom an cheist a sheachtaint, mar sin.

Tá argóint leithéidí Aydano Roriz go mbeadh sochaí níos cothroime sa Bhrasaíl, gan an deighilt mhór mhillteanach idir saibhir agus daibhir atá ann anois, dá mba rud é gur éirigh leis an iarracht Ollainneach, bunaithe ar chúpla rud. Sa chéad dul síos, an tsaoirse chreidimh agus pearsanta a chuir na hOllainnigh i bhfeidhm sa Bhrasaíl. Nuair a bhí Giúdach á ndó sa Phortaingéil, mar shampla, bhí fáilte is fiche rompu san Ísiltír agus sa Bhrasaíl Ollainneach. Le linn réimeas na nOllainneach sa Bhrasaíl a tógadh an chéad Sineagóg ar mhór-roinn Mheiriceá (thuaidh nó theas.) Chomh maith leis sin, shaoraigh na hÍsiltírigh na sclábhaithe agus shocraigh siad go raibh anam ag daoine gorma chomh maith (rud nach raibh na Portaingéiligh sásta a admháil.) Aisteach, toisc go raibh na hOllainnigh fós ag trádáil sclábhaithe in áiteanna eile ar domhan ag an am céanna. Chomh maith leis sin, chothaigh an WIC (West-Indische Compagnie), an comhlacht a bhí i gceannas ar an gcóilíneacht, an eacnamaíocht áitiúil ar bhealach nach ndearna na Portaingéiligh.

DSCF0890.JPG
Droichead an Phrionsa Maurits i Recife, cathair arbh ainm di Mauritsstad ar feadh 23 bliana. An chéad mhórdhroichead sa Bhrasaíl (seo leagan nua de.)

Cinnte, ag siúl shráideanna Recife, cathair a chaith 23 bliana faoi réimeas na nOllainneach, is léir don dall go bhfuil oidhreacht dhifriúil ag an gcathair le hais, abair, Rio de Janeiro. Is léir ó leagan amach na sráideanna, na ndroichead agus na canálacha (!) gur Ollainnigh a bhunaigh í. Mar a tharlaíonn sé, sa lá atá inniu ann, tá cosúlacht aisteach idir Recife agus Rotterdam, lena meascán de sheanfhoirgnimh agus foirgnimh nua atá ag tochas na spéire.

Ach an féidir a rá go mbeadh an Bhrasaíl níos fearr as dá n-éireodh leis an iarracht Ollainneach? Ní cheapaim é. Sa chéad dul síos, ní bheadh Brasaíl amháin ann, ach péire: ní raihh suim ag na hIsiltírigh riamh ach sa chósta thoir-thuaidh. Bheadh deisceart na Brasaíle ina cóilíneacht Phortaingéileach i gcónaí. Agus maidir leis an tsochaí cothrom sin a cheapann na Brasaíligh a ´bhíonn ag brionglóidí faoi leagan Ollainneach dá dtír... tá siad dall ar phíosa fianaise béal dorais, an tSuireanám (nó Suriname), tír bheag ó thuaidh den Bhrasaíl a bhain neamhspleáchas amach ón Ísiltír i 1975 agus nach bhfuil ag éirí go hiontach leí ó shin (tá leath an daonra ina chónaí san Ísiltír anois.) Níos measa fós, céard faoin Afraic Theas, a thosaigh mar chóilíneacht Ollainneach agus a chruthaigh Apartheid, an córas cinedheighilte is géire riamh? Le bheith fírinneach, ní fiú an trioblóid é an iriseoireacht seo sa mhódh coinníollach, toisc nach bhfuil na freagraí ag aon duine.

Tháinig deireadh leis an iarracht cóilíneacht Ollainneach a bhunú in oirthuaisceart na Brasaíle i 1654 nuair a chuir na Portaingéiligh an ruaig ar na hÍsiltírigh. Chiallaigh sé sin go raibh géarleanúint i ndán do phobal Giúdach Recife in athuair. Díreach in am, tháinig dhá long seoil chun iad a shábháil. Tugadh ar ais go Amsterdam cuid de na Giúdaigh, chuaigh an long eile go Nieuw Amsterdam (mar a bhí ar Nua Eabhrac ag an am sin) áit arbh iad Giúdaigh Recife na chéad Ghiúdaigh a chuir cos ar thalamh i Meiriceá Thuaidh. I 1689, mhalartaigh an Ísiltír Nua Eabhrac don tSuireanám (Suriname) leis na Sasanaigh, ar chúis nach bhfuil soiléir. B'fhéidir gurb é an chiall a bhí leis ag an am ná tabhairt faoi chóilíneacht nua ar chósta thoir agus thuaidh Mheiriceá Theas ón áit sin. Más ea, níor tháinig mórán as!

Posted by Alex-H 14:53 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (5)

Lá Fhéile Stiofáin

OLINDA, PERNAMBUCO

sunny 31 °C
View Brasil 06/07 on Alex-H's travel map.

Deascéal! Ní mhaireann an Nollaig sa Bhrasaíl ach lá amháin! Thosaigh an féasta Oíche Nollag, bhí póit ar chuile dhuine inné, agus inniu, an 26ú, tá chuile shórt ar oscailt mar is gnáth.

DSCF0883.JPG
Olinda, tráthnóna inné, Lá Nollaig. Tabhair faoi deara: easpa turcaithe, easpa strus!!!

Oíche Nollag, chuaigh mé ag damhsa ag beár sráide i lár na sean-chathrach Olinda, i dteannta cara ar bhuail mé leí ar www.couchsurfing.com agus roinnt cairde leí. Bhí an banna ceoil ag seinnt ceol Afoxé, Axé agus Maracatu, meascán de stíleanna ceoil ó stáit Bahia agus Pernambuco. Tá an trí stíl cosúil go leor le chéile, bunaithe ar dhrumaí (drumadóirí MAITHE a bhí ann, ní an cineál a fheiceann tú ar Shráid na Siopaí i nGaillimh sa samhradh) agus tá sé níos furasta damhsa ar rithim Afoxé agus Axé ná mar atá ar rithim an tSamba.

Bhí an baile ar fad amuigh Oíche Nollag agus oíche aréir, níor fhan duine ar bith faoi ghlas ina theach féin!

Posted by Alex-H 04:14 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (0)

Nollaig Shona

MARAGOGI, ALAGOAS

sunny 30 °C

An Aoine dheireanach roimh an Nollaig... is dócha go bhfuil tú ag dréim le dul abhaile, tine móna a chur síos, fuisce nó gloine port te a bheith agat... ...agus beidh mise ag snámh ag an trá seo!

DSCF0868.JPG
Líonann béal abhann Maragogi le sáile na farraige faoi dhó gach lá, agus déanann sé linn snámha nádúrtha álainn!

Is deacair a chreidiúint go bhfuil mé anseo, i mbaile beag ar chósta thoir thuaidh na Brasaíle, ag an am seo den bhliain. Nuair a bhí Café Bananaphoblacht fós agam ar Shráid Dhoiminic i nGaillimh, bhíodh an tseachtain seo ar cheann de na seachtainí ba ghnóithí sa bhliain. Chuile dhuine ag rith timpeall ag ceannacht bronntanas, turcaí, crann Nollag... Go hiondúil, bheinn féin ag obair an shift deireanach ar an 24ú, le Síle, nó le Réjane. Cuimhní maithe iad, ach cuimhní atá an-fhada uaim ar an trá gheal seo.

Alagoas, an stát beag bídeach ina bhfuil mé faoi láthair, ar cheann de na cinn is boichte sa Bhrasaíl. Ar an mbealach anseo as Maceió, chonaic mé bochtanas nach bhfaca mé a leithéid riamh, áit ar bith sa Bhrasaíl. I gcomparáid le muintir bródúil, lách, fíochmhar Bahia (an stát mór millteanach rud beag ó dheas ó Alagoas ina raibh mé an choicís roimhe seo) tá cuma thuirseach, chaite ar mhuintir Alagoas. Brathann eacnamaíocht an stáit beagnach go hiomlán ar an siúcra, obair throm, shalach nach bhfuil mórán airgid ag baint leí - do na hoibrithe cibé. Tá rudaí rud beag níos fearr ar an gcósta, mar shampla sa bhaile beag Maragogi ina bhfuil mé ag fanacht anois le trí lá anuas. Tá an iascaireacht ag na daoine, agus tá fás mór faoin turasóireacht.

DSCF0871.JPG
Bíonn eangach na n-iascairí lán chuile mhaidin.

Tá sé in am agam Nollaig Shona a ghuí ar léitheoirí an bhloig seo. Go raibh maith agaibh faoin tsuim atá sibh ag cur i mo thuras, agus má bhíonn leadrán oraibh idir an Nollaig agus an bhliain úr, breathnaigh ar na leathanaigh seo féachaint an bhfuil aon cheo nua ann. Idir an dá linn, Nollaig Shona do chuile dhuine, agus tá súil agam go mbeidh bhur n-eangacha lán an bhliain seo chugainn.

Alex

Posted by Alex-H 06:10 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (1)

Santaí sa Teas

MARAGOGI, ALAGOAS

semi-overcast 29 °C

Ní maith liom Nollaig. Ach ar a laghad cuireann an Nollaig sna tropaicí ag gáire mé. Bhí tráth ann nuair a bhí traidisiúin dá gcuid féin ag an mBrasaíl ag an Nollaig. D'inis cara liom in Salvador dom go mba ghnáth lena sheanmháthair duilleoga ón gcrann pitanga (toradh beag oráiste) a chaitheamh ar urlár an tí um Nollaig. Nuair a shiúlfadh daoine ar na duilleoga, scaoilfidis a mboladh álainn, úr, agus bheadh cumhra na Nollag sa teach ar fad. D'éirigh na daoine as na traidisiúin sin i bhfad ó shin, áfach. Sa lá atá inniu ann, tá Santaí i réim.

DSCF0771.JPG
Daoine ag scátáil i mbaile Santaí in ionad siopadóireachta in Vila Velha, Espirito Santo. TÁ MUID SA BHRASAÍL!!!

Santaí Mheiriceá, le bheith cruinn. Déarfainn go bhfuil na monarchana a dhéanann sneachta bréige ag déanamh go leor airgid sa Bhrasaíl, mar tá leath na tíre clúdaithe i bpúdar bán faoi láthair. Munar leor é sin, is cosúil go bhfuil ionaid siopadóireachta na gcathracha móra ar fad i gcomórtas lena chéile don fheistiú Nollag is áiféisí.
Tugaim féin an gradam don chéad áit d'ionad siopadóireachta in Vila Velha, in Espirito Santo. Bhí OIGHEAR acu ar urlár an ionaid ar a raibh daoine ag SCÁTÁIL. Munar leor sin, bhí CEOLFHOIREANN IOMLÁN ag seinnt WALTZANNA!

Níl tuairim agam go fóill cén áit agus cén chaoi a mbeidh mé féin ag caitheamh na Nollag. (Tá a fhios agam go bhfuaimníonn sé sin aisteach toisc nach bhfuil fágtha ach 3 lá.) Ach is cuma liom, fad is a bheidh trá álainn ar fáil beidh mise sásta. Agus seans go rachaidh mé ag cuartú duilleoga pitanga. Coinneoidh mé ar an eolas sibh!

Posted by Alex-H 06:31 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (1)

(Entries 6 - 10 of 22) « Page 1 [2] 3 4 5 »