O Fim
SALVADOR
17.01.2007 - 17.01.2007
33 °C
View
Brasil 06/07
on Alex-H's travel map.
Is cuimhin liom an chéad uair gur chuir mé spéis sa Bhrasaíl. Ag Fleádh Scannán na Gaillimhe, roinnt mhaith blianta ó shin anois, bhí an stiúrthóir scannán Brasaíleach Walter Salles (Central Station, The Motorcycle Diaries) ag tabhairt masterclass. Mac léinn cumarsáide gan phingin rua a bhí ionamsa ag an am. Níor fhreastail mé ar an masterclass agus bhí Central Station (Central do Brasil) díolta amach. Ach chonaic mé Terra Estrangeira, ceann de na chéad scannáin a rinne Salles. Faoin am ar tháinig na focail O Fim (An Deireadh) ar an scáileán bhí mé meallta.
Is féidir leat an mapa a mhéadú agus a bhogadh leis an uirlis sa chúinne ard.
Tar éis dhá mhí go leith agus os cionn 7,200 ciliméadar tá deireadh tagtha le m'aistear, agus tá sé in am agam féin 'O Fim' a chur ag deireadh an bhlog seo.
Bhí an t-aistear a chur mé díom ar nós scannáin, agus go minic mhothaigh mé nach mise a bhí ag scríobh na scripte. Thug gaoith an tsaoil ar ais go Salvador mé ag deireadh an turais, áit a bhain mé amach díreach in am don fhéile reiligiúnda is mó i ndialann chraiceáilte na bhféiltí reiligiúnda i Salvador.
Mná ar a mbealach chun staighrí eaglais Bonfim a ní.
Chuile bhliain ar an dara Déardaoin i Mí Eanáir níonn mná Bahia staighrí eaglais Bonfim i Salvador. Traidisiún é an Lavagem do Bonfim a thosaigh i 1754 nuair a d'ordaigh muintir geal Salvador dá sclábhaithe gorma a gcuid séipéal a ní. Ceart go leor, a dúirt na sclábhaithe, déanfaidh muid ár dtraidisiún reiligiúnda féin de. Ag an am, bhí Candomblé, meascán mearaí de chreidimh na dtreabhanna éagsúla Afraiceacha agus rúinne beag Caitliceachais, ag forbairt mar chreideamh mhuintir ghoirm na cathrach. Sa lá atá inniu ann, is í an creideamh is forleithne i Salvador, an chathair is goirme i Meiriceá Theas.
An sean is an nua
I gCandomblé, is ionann O Senhor do Bonfim ('Tiarna an Deiridh Mhaith'), nó Íosa, agus an orixá (dia) Oxalá, ceann de na déithe is tábhachtaí sa chreideamh.
Ag an Lavagem, Déardaoin seo caite, bhí sráideanna na cathrach ar fad líonta le daoine gléasta i mbán agus gorm agus díoltóirí sráide ag díol bráisléidí, slabhraí, bia, agus fitas i chuile dhath - bráisléidí speisialta a thugann ádh duit agus a ligeann duit trí cheist a iarraidh ar na déithe a fhíorófar. Níor chuir mé féin ceann ar bith orm i mbliana, ach tá mé ag tabhairt slam acu ar ais go hÉirinn...
Fita uait? Tá níos mó fitas le feiceáil ar shráideanna Salvador ná mar atá seamróga ar shráideanna na Gaillimhe sa séasúr turasóireachta.
Tá sé in am deireadh a chur leis an mblog seo. Ba mhaith liom go raibh maith agat a rá ó chroí le chuile dhuine a bhí á léamh go rialta (tá os cionn 200 agaibh ann) agus ach go háirithe leis na daoine a d'fhag teachtaireachtaí dom, rud a thug ardú meanman dom go minic agus mé ag seiceáil ríomhphoist in áiteanna iargúlta ag deireadh an domhain! Tá mé ag eitilt ar ais go hÉirinn amárach (Déardaoin 18 Eanáir), ag fágáil Salvador go luath ar maidin agus ag eitilt go São Paulo, uaidh sin go Páras, uaidh sin go BÁC, agus ansin ag tógáil an traein go Gaillimh... Turas ifreannda ach is fiú é. Agus tá súil agam go mbeidh sé ina dhíle báistí nuair a bhainfidh mé an Fhaiche Mhór amach - níor mhothaigh mé deoir fearthainne ar m'aghaidh le hos cionn míosa go leith anuas. Níl mé ag magadh.
Sin É
O FIM
Posted by Alex-H 05:30 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (1)