A Travellerspoint blog

November 2006

Ag Surfáil ar an Tolg

VILA VELHA, ESPIRITO SANTO

overcast 32 °C

Is breá liom rialacha a bhriseadh. An cuimhin leat an ceann seo: "Ná gabh abhaile le stráinséirí!"? An ceann sin ach go háirithe.

A bhuíochas leis an suíomh iontach www.couchsurfing.com tá duine in ann teacht ar leaba (nó tolg) saor in aisce don oíche ar fud an domhain. Ach tá i bhfad níos mó ar fáil ná tolg saor in aisce: eolas áitiúil, comhrá spreagúil, agus cairde nua.

DSCF0773.JPG

Pédro, a bhfuil tolg ar dóigh aige in Vila Velha má bhíonn ceann ag teastáil uait.

Arú aréir agus an oíche roimhe, d'fhan mé ar tholg Pédro Felipe Alves Malta Costa in Vila Velha, in Espirito Santo (agus bhí a tholg chomh fada lena ainm.)
Ar ndóigh, tá sé nádúrtha go mbeadh rud beag faitís ar dhuine riail uimhir a haon a mhúin do mháthair duit "Ná gabh abhaile le stráinséirí!" a bhriseadh. Agus riail uimhir a dó chomh maith ar ndóigh: "Ná scaoil isteach stráinséar i do theach!" Dá bharr sin, bíonn cupán caifé agat leis an duine a aimsíonn tú ar an suíomh ar dtús.
Tháinig Pédro go dtí an t-ostán ina raibh mé ag fanacht le beirt chara leis, agus dhá nóiméad níos déanaí bhí muid ar ár mbealach go cleachtadh scoil samba ar an taobh eile de Vila Velha, agus bhí cara nua agam.

An aidhm atá ag bunaitheoirí www.couchsurfing.com ná ballaí a bhriseadh síos - ballaí idir tíortha, idir daoine. Ballaí de chlocha faitís agus de mhórtar eagla. Ó bunaíodh an suíomh trí bliana ó shin, tá os cionn 130,000 duine ar fud an domhain tar éis clárú leis, agus maíonn an suíomh gur cruthaíodh 44,000 cairdis nua eatarthu: daoine a chuir aithne a chéile tríd an suíomh agus a shurfáil ar tholg a chéile.

An bhfuil sé seo sábháilte? Cosúil le chuile shórt eile, téim i múinín na mothúchán i mo bholg nuair atá mé ag surfáil ar tholg. Shurfáil mé dhá tholg go dtí seo, tolg Gonçalo Pires i Santos agus tolg Pédro i Vila Velha. I São Paulo, bhí lá iontach agam ag ól caifé, ag ithe uachtar reoite agus ag breathnú ar ealaín chomhaimseartha le Cintia, duine de chomhbhunaitheoirí www.couchsurfing.com, a raibh uirthi bogadh isteach lena máthair arís agus nach raibh a tolg ar fáil dá bharr. Bhí na laethanta a chaith mé leis an triúr acu ar na laethanta is fearr go fóill de m'aistear sa Bhrasaíl, toisc go raibh mé i gcuideachta dhaoine áitiúla, ag déanamh rudaí a dhéanann muintir na háite, agus tuiscint i bhfad níos fearr á fháil agam ar an tír chraiceáilte seo ná mar a gheobhfainn dá leanfainn cosán na dturasóirí.

Só, an BHFUIL sé sábháilte? An féidir leat muinín a bheith agat as stráinséar? D'fhág Gonçalo eochair agam dá árasán i Santos fad is a d'fhan seisean ag teach a chailínchara nua (a bhfuil sé briste suas leí ó shin) ar an taobh eile den chathair. Tá nós ag Pédro doras a árasáin a fhágáil oscailte ar feadh na hoíche. I ndiaidh na cuairte ar an scoil samba rinne muid cáca seacláide i lár na hoíche agus mhalartaigh muid scéalta, eachtraí, agus dearcaí saoil. An bhfuil muinín agam as na daoine seo? Leoga, cairde don saol is ea iad. Tá leithéid www.couchsurfing.com sa domhan scanraithe seo ina gceapann chuile dhuine gur sceimhlitheoir nó robálaí atá i chuile stráinséar. Anois, agus an píosa seo léite agat, cláraigh ar www.couchsurfing.com agus tosaigh ag surfáil ar thoilg thú féin!

Posted by Alex-H 04:17 Archived in Brazil Tagged tips_and_tricks Comments (3)

Turas Traenach

Ó BELO HORIZONTE GO VITÓRIA

sunny 28 °C

DSCF0765.JPG

664km, 16 charráistí, 1,700 duine, 13,5 uaire an chloig.

Chuir mé aistear díom inné nach ndéanfaidh mé dearmad air ar feadh mo shaoil ar fad. Tharla an iomarca rudaí le linn an turais traenach ó Belo Horizonte, i sléibhte Minas Gerais, go dtí Vitória, ar chósta an Atlantaigh in Espirito Santo, le cur síos a dhéanamh orthu i gceart anseo, ach beidh cuid acu le léamh ar Na Ceithre hAirde i bhFoinse an tSathairn seo chugainn.

Ach le tuairim a thabhairt duit faoin gcineál aistir a bhí ann: samhlaigh traein atá chomh fada sin (16 charráistí agus inneall ollmhór roimhe) go bhfuil tú in ann an cloigeann agus an ruball le feiceáil ag an aon ám amháin; traein atá in ann 1,700 duine a iompar; traein nach bhfuil in ann dul níos sciobtha ná 80km/su... agus beidh cineál tuairim agat faoin gcineál aistir.

Chaith mé 13,5 uaire an chloig i mo shuí nó i mo sheasamh ar an mbalcón le mo chloigeann sáite amach as an bhfuinneog sa ghaoth agus sa ghrian, ag féachaint ar an tírdhreach ag sleamhnú thart, na sléibhte, na tailte méithe, an Rio Doce, atá donnrua i láthair na huaire mar gheall ar an méad cré a chuir an bháisteach san uisce, agus ar na bailte beaga agus na daoine. Faoi dheireadh an lae bhí mé clúdaithe le hallas, dusta, agus le spotaí beaga airgid ón iarann ar fad a iompraítear ar an líne thraenach seo, ar leis an Companhia Vale Do Rio Doce é, ceann de na comhlachtaí déanta stáin is mó ar domhan.

Mar a dúirt mé, níl ansin ach tús an scéil. Beidh an chuid eile le léamh ar Na Ceithre hAirde ar Foinse Dé Sathairn.

Posted by Alex-H 14:55 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (1)

Ór Dubh

OURO PRETO, MINAS GERAIS

sunny 28 °C

Bhí na Portaingéiligh rud beag gann ar shamhlaíocht nuair a cheap siad logainmneacha an taoibh tíre ina bhfuilim faoi láthair: thug siad Minas Gerais (Mianacha Ginearálta) ar an stát, agus Ouro Preto (Ór Dubh) agus Ouro Branco (Ór Bán) ar chuid de na cathracha a bunaíodh ann. Ach, déanann na logainmneacha beart de réir a mbriathar: bhí (agus tá) sléibhte Minas Gerais lán go béal le hór, airgead, gual, iarainn, agus rud ar bith eile a bheadh ag teastáil uait chun ollmhargadh mianraí a thosú.

DSCF0760.JPG

Séipéal, agus carraig aisteach.

Sa 18ú hAois a bunaíodh Ouro Preto, an chathair ar thug mé cuairt uirthi inniu. Chuirfeadh an chathair Cill Chainnigh nó Gaillimh i lár an tsamhraidh i gcuimhne duit, turasóirí (Brasaíligh an chuid is mó acu) ag siúl na sráideanna cúnga, cama, ag siúl ó sheoideoir go seoideoir. Ba bheag nár tháinig fiabhras óir orm féin, ach dhiúltaigh mé don chathú.

Ach an rud is áille ar fad faoi Ouro Preto ná na sléibhte atá timpeall air. Tá mé chun úsáid a bhaint as aidiacht thar a bheith theibí: rúndiamhrach. Samhlaigh sléibhte Thír Chonaill, timpeall ar Ghleann Bheatha, ach iad níos airde, cuid acu clúdaithe le crainn tropaiceacha, cuid eile maol agus maorga agus ag déanamh bolg-le-gréin leis an ngrian neamhthrócaireach. Agus ansin, ó am go chéile, rud éigin a insíonn duit go bhfuil tú i Meiriceá Theas: sliabh le beann ar nós an chinn atá le feiceáil os cionn an tséipéil sa phictiúr thuas.

Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi.

Posted by Alex-H 15:23 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (0)

Graffiti

BELO HORIZONTE

semi-overcast 27 °C

Nuair a bhí Café Bananaphoblacht fós agam ar Shráid Dhoiminic, cuireadh graffiti ar thaobh an chaifé ar a laghad uair gach dhá mhí. Bhí mise i gcónaí ag iarraidh ealaíontóir graffiti óg a aimsiú a dhéanfadh píosa ealaíne ceart dom ar thaobh an fhoirgnimh, ach ní raibh na comharsana béal dorais ag iarraidh go ndéanfainn a leithéid (nach mise a bhí dúr ceist a chur orthu!)

Graffiti.JPG

Ealaíon graffiti i gceantar Liberdade, i São Paulo

Tá dearcadh difriúil amach is amach ar graffiti sa Bhrasaíl. Tá chuile fhoirgneamh oifige clúdaithe leis, go mórmhór sna cathracha móra. Cineál fásach coincréide a bhíonn sna cathracha móra Brasaíleacha (São Paulo agus Belo Horizonte, an áit a bhfuil mé faoi láthair, ach go háirithe.) Dá bharr sin, cuireann an graffiti le tírdhreach na cathrach, agus is minic gurb iad strus shaol na cathrach agus an tranglam tráchta féin atá mar inspioráid ag na healaíontóirí graffiti, a íoctar go minic as a saothar. Bíonn meas ag ealaíontóirí graffiti ar shaothar a chéile freisin, dá bharr sin is smaoineamh maith é píosa graffiti a choimisiúnú ionas nach gclúdófar do bhalla le graffiti de chineál eile... pixação.

Chomh álainn is atá graffiti ealaíonta na Brasaíle, tá a mhalairt ar fad ar fáil chomh maith. Tá an leath de na foirgnimh nach bhfuil clúdaithe le graffiti ealaíonta clúdaithe le pixação - litreacha móra dubha gránna a chuirfeadh na aibitir na ndraoithe Lochlainneacha i gcuimhne duit.
Níl meas ar bith ar na pixadores sa Bhrasaíl, ach deir siad féin (chonaic mé clár fáisnéise fúthu) go ndéanann siad é toisc go bhfuil sé saor (tá péint dhaite, cheart an-daor; úsáideann na pixadores péint bhaile-dhéanta de rubair dóite.) Go minic, cuireann na pixadores a mbeatha i mbaol agus iad i mbun oibre. Bíonn siad ag tabhairt dúshlán a chéile ag dreapadh ar dhíonta na bhfoirgneamh arda, ag cur an pixação in áiteanna nach gcreidfeá a thiocfadh le duine a bhaint amach.

(Níor éirigh liom grianghraf le pixação a uaslódáil go fóill ach cuirfidh mé ceann suas chomh luath agus is féidir.)

Má thaitníonn an blog seo leat, abair le do chairde faoi!

Is féidir teachtaireacht a fhágáil dom ach cliceáil ar an nasc 'leave commment'.

Posted by Alex-H 09:24 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (0)

An Chaoi Ar Éirigh Neamh Leamh

BONETE, ILHABELA, SÃO PAULO

sunny 35 °C

DSCF0705.JPG

Trá Bonete, le canoa (canú) traidisiúnta.

Creid é nó ná creid, ach sa stát céanna agus an tríú cathair is mó ar domhain, São Paulo, tá baile beag bídeach atá chomh scoite amach sin ón saol nach féidir dul ann ach de shiúl na gcos (thar chosán contúirteach tríd an dufar ar a bhfuil nathracha nimhe, I might add, turas 4 uaire an chloig agus tú ag déanamh deifir) nó i mbád beag.
Bonete (250 duine) suite ar chósta theas oileán Ilhabela. Meascán fíoraisteach atá sa phobal: iascairí traidisiúnta timpeall leath na ndaoine atá ina gcónaí ann, daoine ó shliocht Indiach dúchasach a bhfuil fuil go leor foghlaeirí mara Eorpacha measctha trína gcuid fola (bhí Fernando, an fear a thug síob ar ais dom as Bonete ar maidin ina bháidín, ag maíomh as a sinsir Ollainneacha (go deimhin bhí súile fíorghorma aige agus craiceann geal.) An leath eile den phobal: surfistas, nó marcaigh toinne.

Chuaigh mé go Bonete ag cuartú suaimhnis, agus, bhuel, sin a fuair mé! Ar éigean gur féidir áit níos áille ar domhain a shamhlú. Ba aisteach cé chomh cosúil is a bhí leagan amach ghleann Bonete le leagan amach Ghleann Cholm Cille in iardheisceart Thír Chonaill - ach le crainn tropaiceacha, teas aisteach (35 gcéim inné) agus nathracha nimhe thuasluaite, ar ndóigh. Agus neart mioltóga freisin, ach tá a chuid mioltóga féin ag Tír Chonaill freisin ar nóigh.

Bhí an ceart ag foghlaeirí mara na staire agus ag surfistas an lae inniu. I mBonete, níl teacht ag an saol mór agus an strus a bhaineann leis ort. Níl fón póca ag duine ar bith, go deimhin níl aon leictreachas ann ach an oiread. Imíonn chuile dhuine a luí go breá luath, agus éiríonn siad le héirí na gréine, chun sult a bhaint as lá eile ar neamh.

Chaith mise lá ar neamh agus shocraigh mé imeacht liom faoi dheifir ansin. Chaith mé an lá sin ag snámh: san fharraige ar maidin, in eas fíoruisce sa tráthnóna, agus san fharraige arís san oíche. Ach cheana féin, bhí saol ciúin an ghleanna ghrianmhair ag éirí leamh. Mhothaigh mé, dá bhfanfainn lá eile ar i mBonete, go n-iompóinn i mo bicha preguiça ('ainmhí leisciúil', nó sloth i mBéarla.) Déarfainn gur tharla sé sin cheana, mar tá an mata atlântica, nó an fhoraois bháistí lena bhfuil 92% d'oileán Ilhabela clúdaithe, lán bichas preguiças.

Má thaitníonn an blog seo leat abair le do chairde faoi!

Posted by Alex-H 15:50 Archived in Brazil Tagged postcards Comments (0)

(Entries 1 - 5 of 8) Page [1] 2 » Next